Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 19 June 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Soisialaí
4:00 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Mar sin, tá thart ar 2% nó 3% arís tagtha isteach leis an gcúig phost seo atá á bhfógairt. An bhfuil sibh ag dul chun cinn, ag seasamh nó ag fanacht socair ar na figiúirí céanna? An bhfuil a fhios agat go bhfuil sé d'aidhm ag daoine go mbeadh thart ar 20% d'fhostaithe nua ag teacht isteach le Gaeilge acu? Ó na figiúirí atá luaite anseo agat, níl sibh ach fós ag seasamh réidh ar an 2% nó 3%, más ceart iad na figiúirí atá ag an bhfinné.
No comments