Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 19 June 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Soisialaí
4:00 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an tuairisc agus an cur i láthair. Bhí deis agam an ráiteas tosaigh a léamh níos luaithe agus tá cúpla ceist agam mar gheall air. Tuigim go bhfuil an Roinn ag déanamh athchóiriú ar an scéim Ghaolainne faoi láthair. Tá an scéim reatha ann ó 2015. An bhfuil an scéim reatha ag feidhmiú? Leis an scéim nua, an bhfuil an Roinn ag forbairt ar an gcéad scéim nó an bhfuil aon baol ann go mbeidh aon chulú uaithi? Tá dréacht ar fáil ag na finnéithe faoin dtráth seo. Tuigim go bhfuil siad chun an scéim nua a aontú i rith an tsamhraidh. Mar sin ba chóir go mbeadh tuairim mhaith ag na finnéithe ar an leagan amach a bheidh ar an scéim nua. An bhfeádfaidís a chinntiú an ag dul chun cinn nó ag cúlú atá siad maidir leis an scéim nua sin?
Maidir leis an líon daoine atá toilteanach seirbhís a chur ar fáil trí Ghaolainn, tuigim go bhfuil 191 duine ar an bhfoireann sin. As cé mhéad daoine a thagann an 191? An é an 6,700 a luadh sa ráiteas tosaigh? Más sin an cás níl ach thart ar 2.8% den fhoireann ag freastal ar daoine síos, suas agus timpeall na tíre ar fad. Táim cinnte go mbeadh níos mó ná sin ag teastáil. An bhféadfadh na finnéithe a cinntiú an líon daoine atá ann san iomlán? Luadh daoine nua atá ag teacht isteach. Luadh go bhfuil beirt oifigeach cléireachais, beirt oifigeach feidhmiúcháin agus ardoifigeach feidhmiúcháin amháin ag teacht isteach le Gaolainn. Arís, as cé mhéad a thagann an figiúr sin? Cén céatadán é sin den dream ar fad atá ag teacht isteach sa Roinn? As cé mhéad a thagann an cúigear sin?
Cé go bhfuil an-chuid daoine ag plé leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, go minic ní fostaithe díreach na Roinne atá i gceist ach conraitheoirí. Cuir i gcás oifig áitiúil ina bhfuil bainisteoir agus a fhoireann féin. An bhfuil siad sin clúdaithe sna figiúirí agus faoin scéim Ghaolainne? Cad é an scéal maidir leo? Is iadsan na daoine atá amuigh ar an front line agus atá ag freastal ar an bpobal. Mar shampla, tá oifig nua á cur ar fáil i Maigh Chromtha. Beidh bainisteoir nua ann. An mbeidh an fhoireann a bheidh aige clúdaithe faoi scéim Ghaolainne na Roinne? Nílim ag piocadh go díreach ar Mhaigh Chromtha. Tá sé díreach mar an gcéanna i ngach aon bhaile eile timpeall na tíre. Bíonn conraitheoirí ag freastal ar an bpobal. An bhféadfadh na finnéithe soiléiriú a thabhairt maidir leis an dream sin?
No comments