Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 19 June 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Soisialaí
4:00 pm
Joe O'Reilly (Fine Gael) | Oireachtas source
Ar dtús báire, cuirim fáilte roimh na finnéithe. Tá ceist shimplí amháin agam. Tá sí ceangailte leis an gceist dheireanach. Is é an rud céanna atá i gceist. Má ghlaonnn éinne ó aon thaobh den tír ar an Roinn aon lá sa tseachtain ag iarraidh gnó a dhéanamh as Gaeilge, an bhfuil na finnéithe muiníneach agus cinnte go mbeadh siad ábalta é sin a dhéanamh agus go mbeadh na daoine ann chun freastal ar an duine sin?
No comments