Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 19 June 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Soisialaí
4:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
An bhfuil aon duine eile ag labhairt? Sin é. Tá an Seanadóir Joe O'Reilly mar chéad chainteoir. Tá an focal "osréalach" ráite agam go minic anseo. Cuireann sé isteach orm nach bhfuil duine ar bith le Gaeilge ón Roinn anseo. Ar a laghad ba chóir go mbeadh duine amháin. Níl mé ag iarraidh aon duine a náiriú. Tá orm daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a úsáid. An bhfuil duine sa Roinn le cumas Gaeilge nach bhfuil anseo? Bhí a fhios ag na finnéithe go raibh siad ag teacht os comhair an chomhchoiste um Ghaeilge. An bhfuil a leithéid de duine ann? Cén fáth nach bhfuil duine le Gaeilge anseo?
No comments