Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 June 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Soisialaí

4:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na hionadaithe ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Soisialaí. Go raibh míle maith acu as ucht an cuireadh a ghlacadh. Cuirim fáilte roimh Deirdre Shanley, rúnaí cúnta, Joan McMahon, príomhfheidhmeannach, Eoin Brown agus Tadhg O'Leary.

Tuigim go bhfuil siad mar phríomhoifigigh sa Roinn. Gabhaim míle buíochas dóibh. Níl aon leithscéal faighte againn ó aon bhall den choiste. Tá sé ar intinn againn éisteacht leis an cur i láthair agus ceisteanna a chur. Ansin beidh cruinniú gearr príobháideach againn maidir le cúrsaí gnó. Tá taithí ag na finnéithe ar an gcóras ach ní mór dom fógra a dhéanamh maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Tá ráiteas tosaigh réitithe ag na finnéithe i mBéarla agus i nGaeilge. Tá deacrachtaí acu leis an nGaeilge. Níl mé ag iarraidh brú a chur ar aon duine. Tá siad níos compórdaí leis an mBéarla. Leanfaidh muid ar aghaidh i nGaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.