Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 June 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Soisialaí

4:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tuigim, ach táimid ag caint faoin Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus beagnach 7,000 fostaithe. Céard faoi na finnéithe? An bhfuil sé ar intinn acu cúrsa Gaeilge a dhéanamh nó an bhfuil sé déanta acu cheana? Na bac leis an ceist sin ach smaoinigh air. Táimid ag suí anseo chuile coicís agus ag seoladh tuarascálacha. Táimid ag iarraidh an Gaeilge a chur chun cinn agus ar a laghad Gaeilge a bheith ag 20% de chuile duine nua atá fostaithe i chuile Roinn mar tá géarchéim ann. Chuir an Seanadóir ceist ar na finnéithe an bhfuil machnamh déanta acu agus an mbeidh siad in ann deileáil leis? Táimid ag moladh go mbeidh Gaeilge ag 20% - ní hamháin de na daoine atá ag teacht isteach ach maidir le ardú céime comh maith comh sciobtha agus atá an tAcht nua i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an géarchéim. Ní féidir dul i ngleic leis an géarchéim gan í a aithint i dtús báire. Tá a lán machnamh le déanamh. B'fhéidir go dtiocfaidh na finnéithe ar ais os ár gcomhair an bliain seo chugainn. Gabhaim buíochas do na finnéithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.