Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 June 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Soisialaí

4:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá a fhios agam go bhfuil an Seanadóir ag imeacht, ach ba mhaith liom féin cúpla ceist a chur. Go raibh maith ag na finnéithe. Tá an-tábhacht ag baint lena Roinn - tá a fhios agam é sin - agus tá an buiséad is mó sa Rialtas aici, beagnach €20 billiún. Cuirfidh mé ceist faoi na rialacha céanna agus ligfidh mé do na finnéithe freagra a thabhairt

Dúirt na finnéithe go raibh teagmháil rialta agus caidreamh go minic acu leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus leis An gCoimisinéir Teanga. An bhfuil na finnéithe ar an eolas faoin tuarascáil a sheolamar, an comhchoiste seo, inniu maidir leis na fadhbanna atá ann ó thaobh earcaíochta de agus ó thaobh scéimeanna teanga de go háirithe. Ar lorg aon duine ón Roinn tuairimí na bhfinnéithe faoi na moltaí seo a tháinig ón gCoimisinéir Teanga, is iad sin nach bhfuil na scéimeanna teanga ag feidhmiú agus go bhfuilimid taobh thiar den Choimisinéir Teanga go bhfuil gá le rudaí eile ar nós chóras na gcaighdeán?

An raibh caidreamh idir an Roinn agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis na hathruithe atá beartaithe? Táimid ar tí, le cúnamh Dé, reachtaíocht nua a thabhairt isteach.

Tá rud eile agam maidir leis an scéim atá ag Roinn na bhfinnéithe faoi láthair. Cad iad na rudaí atá foghlamtha acu maidir leis an scéim seo atá ar intinn acu a athrú? Cad iad na laigí atá istigh ann?

Maidir leis an aonad corparáideach, cé mhéad duine atá san aonad sin le Gaeilge líofa? An bhfuil aon duine ann le Gaeilge nó aon leibhéal Gaeilge ann? Dúradh linn go soiléir go bhfuil an fhreagracht ar an aonad sin monatóireacht a dhéanamh ar an scéim teanga agus ar an nGaeilge. An bhfuil Gaeilge san aonad sin agus má tá, ca bhfuil siad inniu?

Maidir le hoifigeach Gaeilge, agus tá sé seo ráite ag an Seanadóir, ceapaim go mba chóir breathnú isteach ar oifigeach Gaeilge a earcú, duine le ról faoi leith, i measc róil eile, chun an Ghaeilge a chur chun cinn, chun na fadhbanna a aithint, chun na rudaí dearfacha a aithint agus ansin leanúint ar aghaidh.

Tá sé ráite agam, agus táim braon ag éisteacht liom féin, go bfhuil géarchéim ó thaobh na Gaeilge de. Táimid anseo chuile choicís ag éisteacht le dreamanna os ár gcomhair ag cur in iúl chomh deacair is atá sé. Tá moladh tuillte ag na finnéithe mar Roinn agus níl mé iarraidh lochtanna fháil, ach ag an am céanna tá níos lú ná 2%, má tá mo chuid mata ceart, de na fostaithe le Gaeilge. Is é 6,730 an líon foirne atá ag Roinn na bhfinnéithe. Níl ag an Roinn ach 191 le Gaeilge, agus níl siad ar ghráid arda. Níl mé ag iarraidh, agus é sin a rá, drochmheas a tharraingt orthu ach é seo a shoiléiriú. Cén chaoi is féidir leis an Roinn seirbhísí ar an leibhéal céanna a chur ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge? Sin ceart na ndaoine faoin mBunreacht.

Maidir leis an nGaeltacht is mó sa tír, agus luaigh mo chomhghleacaí an Teachta Ó Cúiv é seo, is í sin an Ghaeltacht i nGaillimh, níl aon oifig ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge i gConamara. Abair liom go bhfuilim mícheart mar níl an Clochán sa Ghaeltacht agus níl an áit eile a luaitear sa Ghaeltacht. Cá bhfuil sé sin le feiceáil go bhfuil sé sin mar aidhm ag an Roinn, is é sin, duine le Gaeilge agus oifig a lonnú sa Ghaeltacht is mó sa tír, má ta sí i ndáiríre le seirbhísí a chur ar fáil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.