Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 June 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Soisialaí

4:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Ó thaobh Dhún na nGall de, tá Gaeltacht mhór i nDún na nGall agus tá a fhios agam cuid den fhoireann atá fostaithe agus cuid de ne hoifigigh atá ag plé leis na ceantair Ghaeltachta. Tá siad in ann seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cuirimse fáilte roimhe sin. Ag an am céanna, go ginearálta, trasna na Roinne ina iomláine, tá leibhéal na ndaoine atá in ann plé le fiosrúcháin Ghaeilge iontach íseal ar fad. Cad é an leibhéal caidrimh atá idir an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ansin i dtaca le spriocanna Gaeilge a bhaint amach? An mbíonn cruinnithe rialta idir an rannóg chorparáideach agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, mar shampla, i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge taobh istigh den Roinn?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.