Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 June 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Soisialaí

4:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Go raibh maith ag na finnéithe as a bheith anseo. Is cinnte gur Roinn mhór í an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, go bhfuil buiséad mór inti, gurb í an buiséad is mó as na Ranna Rialtais ar fad, go bhfuil seirbhísí tábhachtacha á chur ar fáil taobh istigh den Roinn agus go bhfuil ceangal láidir ag na daoine ann le gnáthphobal na tíre.

An bhfuil oifigeach Gaeilge fostaithe sa Roinn le cúraimí náisiúnta Gaeilge, agus mura bhfuil, cén fáth? An bhfuil sé mar sprioc nó mar aidhm oifigeach Gaeilge a fhostú?

Is ceist phraiticiúil í an dara ceist níos mó ná rud ar bith eile. Ó thaobh an chórais atá taobh istigh den Roinn, má chuireann duine ríomhphost nó litir isteach ag an Roinn i nGaeilge, caidé an dóigh a dhéanfaí láimhseáil ar an nóta, an litir nó an fiosrúchán sin nuair nach bhfuil Gaeilge ag an duine atá ag plé leis an bhfiosrúchán sin? An bhfuil láraonad ann? An gcaithfidh an fiosrúchán sin a chur ar aghaidh? Cad é an polasaí nó an córas atá ansin?

Ó thaobh na ceiste deireanaí ón Teachta Ó Cúiv i dtaca leis na HEOs, an deacracht iad a fhostú agus an t-éileamh atá ar HEOs le Gaeilge, cén fáth nach bhfuil breis HEOs á fhostú? An é go bhfuil bac nó cosc ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe breis HEOs a fhostú nó an rud é go bhfuil sé deacair daoine le Gaeilge a fhostú ag an leibhéal sin? Cad é go díreach an deacracht atá ansin? Cén fáth go bhfuil an t-éileamh ansin ach nach bhfuil na poist sin líonta?

Ó thaobh na bhfoirmeacha de, thug mé faoi deara sa fhreagra a thug na finnéithe don choiste go bhfuil obair mhaith ar siúl ag an Roinn o thaobh na bhfoirmeacha go léir agus an tsuímh Idirlín agus go bhfuil gach rud dátheangach. Cuirim fáilte roimhe sin. An áit atá an dúshlán ná leis an líon daoine le Gaeilge atá fostaithe, níos lú ná 3%. Tá sé sin cothrom leis an bhfigiúr trasna an Státchórais ar fad. Is í an obair atá ar bun ag an gcoiste seo againne ná go bhfuilimid agus an Rialtas ag iarraidh go mbeidh níos mó daoine le Gaeilge fostaithe sa Státchóras agus iad in ann seirbhísí a chur ar fáil. Ceann de na spriocanna a bheidh sa Bhille úr atá le foilsiú ná moladh atá déanta ag an gcoiste seo maidir leis an mBille úr, is é sin go mbeadh Gaeilge ag 20% de na fostaithe úra sa Státchóras agus go mbeadh siad in ann seirbhís a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. An gcuirfeadh na finnéithe fáilte roimhe sin ó thaobh na rannóige corparáidí de sa Roinn? An bhfuil aon tuairim acu ar an sprioc sin? An mbeidh an Roinn in ann an sprioc sin a bhaint amach? B'fhéidir gur leor é sin anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.