Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 June 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Soisialaí

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá na hachmhainní an-teann. Níl mórán fóirne le Gaeilge againn ach ní léir go bhfuil polasaí soiléir ann ag déanamh cinnte go bhfuil na hachmhainní sin á úsáid sa méid agus gur féidir san áit a bhfuil éileamh orthu. Mar shampla, dá gcuirfí oifig leasa pobal ag plé le muintir dheisceart Chonamara, labhródh 80% nó 90% dóibh Gaeilge ann gan dabht. Dá mbeadh na cigirí leasa shóisialaigh a bhíonn ag dul go deisceart Chonamara ina gcainteoirí dúchais Gaeilge, labhródh Gaeilge leo: bí 100% cinnte de sin. Ach nuair atá ar duine teacht isteach agus fanacht leath-lae ar thóir duine le Gaeilge, úsáidfidh siad Béarla. Dá mbeadh cúigear nó deichniúr ann is iad sin na poist cuí dóibh - an oifig eolais agus sna ceantair Gaeltachta - i nGaillimh, i dTír Conaill agus i gContae na Mí - na háiteanna is mó a bhfuil plé leis an bpobal leo agus úsáidfear Gaeilge leis na daoine sin lá agus oíche.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.