Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 June 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Soisialaí

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cén dualgas atá ar Seetec seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht mar tá baint ollmhór acu siúd le cúrsaí Gaeilge?

Is breá an rud é go bhfuil daoine ag foghlaim Gaeilge sa Roinn agus ag déanamh cúrsaí Gaeilge ach is corruair ariamh a chonaic mé éinne - daoine fásta - nach bhfuil Gaeilge acu ag foghlaim Gaeilge comh maith sin agus a raibh siad in ann í a úsáid go léibhéal áirithe.Tá eisceachtaí ann ach go ginearálta, ní leigheasann sé sin an fhadhb mar tá sé an-deacair teanga a fhoghlaim nuair atá duine ag fás aníos, go mbeadh sé comh maith agus atá an Béarla acu. Cén fáth go mbeadh an cainteoir dúchasach ag iarraidh labhairt le daoine le Gaeilge briste? Mar sin, sílim go gcaithfimid breathnú isteach ar earcaíocht agus ar na daoine a chur sna háiteanna agus na poist is mó a bhfuil plé acu leis an bpobal a bheadh ag iarraidh seirbhísí trí Ghaeilge. Ba cheart sprioc a dhéanamh do na poist áirithe sin. Is sin a bhí i gceist leis na pleananna teanga agus sin an cuid den phlean nár cuireadh i bhfeidhm riamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.