Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 June 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Soisialaí

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá sé réasúnta maith, D4, agus tá Gaeilge agam freisin. De bharr éascaíocht, tugtar ualach giolla na leisce, the lazyman's load air, déanann daoine an rud atá is éasca dóibh féin. Déanann pobal na Gaeltachta an rud céanna agus mar sin, mura bhfuil seirbhís ar fáil go héasca i nGaeilge, úsáidfidh siad an tseirbhís Béarla. An rud atá cruthaithe ná má tá seirbhís á chur ar fáil do dhuine atá líofa sa Ghaeilge, déanfaidh sé nó sí an gnó trí Ghaeilge. Mar sin, ó tharlaíonn sé go bhfuil Gaeilge ag an bhfoireann i mo oifig agus agam féin, úsáidimid an Gaeilge mar theanga go nádúrtha leis na daoine a thagann isteach chuig mo oifig i nGaillimh nó i gConamara. Má thagann Béarlóir isteach, úsaidimid an Béarla. Sin an slat tomhais. Dá mba rud é go raibh an tseirbhís ar ardchaighdeán ar fáil, an dá rogha mar a chéile ann agus éascaíocht cothrom ann, céard a d'úsáidfadh duine? Tá sé feicthe agam arís agus arís eile thar na blianta agus déarfainn go bhfeiceann an Teachta atá sa chathair an rud céanna - más mar sin é, is Gaeilge a d'úsáidfadh pobal na Gaeltachta. Mura bhfuil sé ar fáil mar sin, iompóidh siad ar an mBéarla. Sin an fhíric.

Glacaim leis go bhfuil na hAchtanna thar a bheith teann faoi láthair. Ba cheart go mbeadh níos mó daoine ann ach níl. Is é an fhírinne ó thaobh pleanála de ná go bhfuil easpa pleanála uafásach. Dá mbeadh cúigear nó deichniúr ann le Gaeilge, ba cheart iad a chur san áit is mó go mbeadh teagmháil acu le pobal na Gaeltachta, tiocfadh an dá oifigeach leasa pobal ar ais. Sin an rud a bhíodh ann. Bhíodh triúr ag plé le pobal Conamara theas. Bhí duine i gCill Chiaráin, duine ar na gCeathrú Rua agus duine ar na hOileáin Árainn. Ba cainteoirí dúchasacha Gaeilge iad. Anois má théann duine isteach ag na hoifigí leasa pobal i nGaillimh, is dócha go mbeidh orthu Béarla a úsáid. Táimid tar éis dul ar chúl go mór ó thaobh plé laethúil daoine leis an seirbhís leasa pobal. An dara aicme duine is mó atá ag plé go laethúil le pobal na Gaeltachta ná na cigirí leasa shóisiala, the social welfare inspector nó mar a thugann pobal na Gaeltacht orthu "na gaugers". Is iad an dream a thagann thart agus a chomhaireann na ba, na caoirigh, na deontais, na costanna feirme agus mar sin de. Sé mo thaithí le gairid ná gur daoine gan Gaeilge ar a dtoil acu iad na daoine atá ag déanamh na hoibre sin. Ceann de na rudaí a bhí i gceist le bheith sa phleananna teanga ná go ndíreófaí na hachmhainní san áit is mó a bhí plé leis an bpobal.

Tuigim gur cineál crannchur atá anseo ach bíonn an-phlé go deo ag mo oifig leis an oifig eolais áitiúil. Tá sé iontach ar fad mar sheirbhís. Ní fhéadfaí locht ar bith a fháil air ach bhí an tráth ann go raibh Gaeilge acu agus aon phlé a rinneamar leis an oifig sin, bhíodh sé i nGaeilge ach nuair nach bhfuil Gaelgeoirí ann, déanaimid i mBéarla é. Tá na daoine ann an-deas agus níl mé ag iarraidh iad a mhaslú ach ansin tagann daoine ar ais chugainn ag rá nach bhfuil éinne ag baint úsáid as an tseirbhís trí Ghaeilge, ach nuair nach bhfuil an tseirbhís ann go héasca agus comh héasca céanna leis an mBéarla, ní bhainfidh siad.

An gceapann na finnéithe go bhfuil éinne le Gaeilge agus fonn orthu í a labhairt, mar atá ag muintir na Gaeltachta, ag déanamh teagmháil leis an oifig agus ag labhairt Béarla? Ní tharlaíonn sé mar tuigeann siad go bhfuil sé comh héasca céanna an gnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus atá sé trí Bhéarla.

Tá fadhb ollmhór sa Státchóras mar go iondúil nuair a fhaigheann duine foirm i nGaeilge, bíonn sé scríofa i mBéarla i dtosach báire agus bíonnscata i dtosach le léamh i mBéarla, mar nuair a dhéantar aistriú ar rud ar bith ó theanga amháin go teanga eile, is minic go n-aistrítear na focail, seachas an brí agus is minic go mbíonn na foirmeacha Gaeilge sách deacair le tuiscint. Níl siad scríofa i nGaeilge an phobail. Bím thiar ag mo chlinicí agus bíonn an fhoirm Gaeilge agus Béarla ann agus muid ag féachtaint ar an bhfoirm i mBéarla ag iarraidh an mheabhair a dhéanamh den fhoirm Gaeilge. Níl bíonn a fhios ag gnáthphobal na Gaeilge céard atá i gceist leis an téarmaíocht.

Sílim go bhfuil réiteach an-simplí air seo. Nuair a bhí mé sa Roinn eile - níor éirigh liom é a dhéanamh faoi thaobh an leasa shóisialaigh de - an smaoineamh a bhí ann ná nuair a bhí foirmeacha á cumadh, foirmeacha Béarla san áireamh, mar chuid den cheart custaiméara caithfí iad a bheith inúsáidte. An rud a dúirt mé leo a dhéanamh ná, dá mbeadh aon fhoirm nua á chumadh, ag brainse na binse mar shampla, go dtabharfaidis go hoifig cléireachais nó feidhmiúcháin ar an taobh eile den teach le féachaint an raibh siad in ann é a líonadh. Mura mbeidis siúd in ann é a líonadh agus iad ina státseirbhísigh, is ar éigean go mbeadh an pobal in ann é a líonadh. Ba cheart na foirmeacha Gaeilge a thabhairt do cainteoirí dúchasacha Gaeilge agus painéal beag acu a chur le chéile. Tá daoine sa Roinn gur cainteoirí dúchasacha iad. Isfíor dóibh siúd. Mura tuigeann daoine sa chóras é, is ar éigean go tuigfidh daoine taobh amuigh den chórais é.

Tá dhá ceist bheaga deiridh agam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.