Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 June 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Soisialaí

4:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Má chuirim glao ar aon uimhir as do Roinn ag an mbomaite seo, ní bheidh duine ag freagairt an ghutháin sin as Gaeilge. An rud a tharlódh ná go ndéarfaí ar thaifead meaisín nach bhfuil an Roinn in ann glao a ghlacadh faoi láthair agus go gcuirfear glaoch ar ais chomh luath agus is féidir. Tiocfaidh duine ar ais i ndiaidh lá nó dhá lá. Is gníomhaí Gaeilge mise agus níl mé chun an uimhir Ghaeilge a roghnú arís mar go bhfuil mé ag iarraidh mo chuid gnó a dhéanamh anois. Cén fáth go mbeinn ag iarraidh uimhir a roghnú a chuirfeadh moill dhá lá nó lá amháin orm chun rud éigin a dhéanamh? I ndáiríre, is bac é gan duine a bheith ar an taobh eile den líne, agus is slí í chun stop a chur ar dhaoine glao a chur ar an Roinn nó ar aon cheann de na seirbhísí a dhéanamh as Gaeilge. B'shin an fhadhb atá ann. Ní féidir le duine seirbhís trí Ghaeilge a chur ar siúl le 190 as 6,500 duine i dtír den mhéid seo. Níl sé indéanta ar chor ar bith. Beidh go leor daoine ar saoire nó as láthair in aon lá amháin as na mílte glaonna atá curtha chuig Roinn na bhfinnéithe.

Is í an fhadhb atá ann nó an cleachtadh atá ann i gceann de na Ranna is mó nó nach bhfuil seirbhís i nGaeilge ar fáil don ghnáth shaoránach agus is léir, má tá an Roinn ag iarraidh cúigear a chur leis na céadta sin, nach bhfuil an Roinn ag iarraidh go mbeidh seirbhís as Gaeilge ar fáil d'aon duine sa tír seo freisin. Tá sé fíor-shoiléir nuair atá beirt faighte agaibh, i ndáiríre, is ag dul siar atáimid nó ag seasamh san áit chéanna. Cuireann sé sin díomá ollmhór orm nach bhfuil fuinneamh níos láidre sa Roinn ina leith. Níl mé ag iarraidh a bheith diúltach mar gheall ar an nGaeilge agus is fuath liom a bheith ag rá an méid seo, ach táimid i ngéarchéim mar gheall ar an nGaeilge. Tá seans ann go gcaillfimid an Ghaeilge mar theanga phobail sa ghlúin seo, nó b'fhéidir ar a laghad an ghlúin atá romhainn amach. Is Éireannaigh muidne go léir agus tá dualgais orainne stop a chur leis sin. Tá a fhios agam go bhfuil fadhbanna leis na painéil etc., ach cad is féidir linn a dhéanamh chun é sin a réiteach? Tá na finnéithe ag fáil úsáid as na painéil sin. Mura bhfuil na painéil sin ag obair sa tslí ba cheart is léir nach bhfuil na finnéithe uaillmhianach ar chor ar bith mura bhfuil ach cúigear á lorg acu. Fiú leis an gcúigear sin, cad is féidir linn a dhéanamh chun fadhbanna na bpainéal a réiteach?

Tá go leor de na ceisteanna freagartha ag an bhfinné faoin tráth seo ach mar gheall ar na seirbhísí atá le fáil sa Ghaeltacht, an bhfuil an finné ag caint faoi na hoifigigh atá lonnaithe sa Ghaeltacht amháin nó an bhfuil sé ag caint faoi na hoifigigh atá in aice leis an nGaeltacht atá á n-úsáid ag muintir na Gaeltachta? Is féidir leis na finnéithe leanúint ar aghaidh lena bhfreagraí, mar tá go leor de na ceisteanna a bhí agamsa-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.