Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 29 May 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Úsáid na Gaeilge ar an Raidió: Údarás Craolacháin na hÉireann
4:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Nílim ag iarraidh troid leis an Uasal O'Keeffe faoin ábhar sin ach ní féidir leis a rá gur cheart dúinn review a dhéanamh chun a bheith cinnte go bhfuil na ráitis fíor agus a rá nach bhfuil aon review déanta aige faoin nGaeilge toisc go gcreideann sé go bhfuil na ráitis fíor ar aon nós. Bíonn review ann ar an drochuair nach bhfuil na ráitis fíor chun brú a chur ar na heagraíochtaí agus chun iad a choimeád ar a mbarraicíní mar gheall ar an bhfírinne. Dúirt an Cathaoirleach - b'fhéidir gur slip of the tongue é - nach bhfuil ach dhá uair an chloig i nGaeilge ar RTÉ Radio 1 sa tseachtain iomlán. Ní dhá uair sa lá atá i gceist ach dhá uair sa seachtain iomlán ar an bpríomhstáisiúin ar a bhfuil public service broadcasting ar siúl. Tá sé sin maslach don Ghaeilge. Ní thuigtear chomh deacair agus atá rudaí mar gheall ar an nGaeilge. Tá an Ghaeilge i bponc. Tá levers ann chun é a dheisiú agus a threisiú. Is ceann de na levers atá ann an chraoltóireacht. Tá an deis ag an údarás anois díriú isteach ar an rud seo agus an whip a crack - más féidir liom an drochteanga sin a úsáid - chun a bheith cinnte go bhfuil plean iomlán agus slat tomhais bliantúil iomlán ann. Ba chóir go mbeadh penalties mar gheall ar na héagraíochtaí nach bhfuil ag comhlíonadh a gcuid dualgas.
Má chloiseann daoine i bhfad níos mó Gaeilge ar an raidió agus ar an teilifís, diadh ar ndiadh beidh siadsan ag úsáid níos mó Gaeilge ar an raidió agus ar an teilifís. An fáth go bhfuil an Ghaeilge in ísle brí ná go dtuigeann daoine sa Ghaeltacht a úsáideann an Ghaeilge nach bhfuil meas ag an Stát ar an nGaeilge. Tá siad ag smaoineamh cén fáth ba cheart dóibh an Ghaeilge a úsáid lena gcuid páistí muna bhfuil meas ag an Stát ar an nGaeilge. Dá mbeadh an Stát ag cur teachtaireacht láidir chucu ag rá gur ré nua é seo, go bhfuil sé lán-dáiríre, go bhfuil todhchaí don Ghaeilge agus gur cheart do na daoine sin Gaeilge a labhairt dá gcuid páiste, athródh sé an scéal. Tá deis ag gach duine an rud sin atá ann a dhéanamh. Sin an fáth go bhfuil an coiste seo ag iarraidh díriú isteach ar an rud.
Maidir leis an bpointe faoin Stát, táimse lán-chinnte ón méid díospóireachta a bhí ag an údarás leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil nach raibh an straitéis 20 bliain á phlé acu riamh. Táimse lán-chinnte faoi sin toisc nach mbíonn an Roinn sin ag plé an straitéis 20 bliain le héinne riamh. Tá sé iomlán dofheicthe ag an Roinn sin. Ó 2014 d'eagraigh an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht coiste comhairliúcháin mar gheall ar an straitéis 20 bliain. Bhuail sé sin le chéile cúig huaire ón mbliain sin. Níor bhuail sé le chéile ar chor ar bith an bhliain seo. Nuair a chuirtear an easpa iarrachta sin i gcomparáid leis an bhfadhb ollmhór, tá sé soiléir d'éinne an neamhaird, an easpa suime agus an easpa tuisceana atá ag an Rialtas seo i leith na Gaeilge. Is cuma leis cad a tharla leis an nGaeilge i ndáiríre. Is é sin an fáth go mba cheart dúinne mar choiste a chur in iúl do na finnéithe cé chomh dáiríre atá muidne agus iad a spreagadh an deis atá againn a thapú. Is féidir linn é seo a athrú. Is féidir linn stop a chur leis an meath sin agus dul sa treo eile, ach caithfidh go mbeadh gach duine ar bord chun an rud sin a dhéanamh.
No comments