Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 29 May 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Úsáid na Gaeilge ar an Raidió: Údarás Craolacháin na hÉireann
4:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá ceist nó dó eile agam maidir le RTÉ. Luaigh an Teachta Tóibín dhá uair in aghaidh an lae. An bhfuil na finnéithe sásta leis sin, go háirithe nuair a smaoinítear ar an straitéis 20 bliain agus ar na dualgais faoin reachtaíocht maidir leis an nGaeilge agus leis an éagsúlacht? Cuireann sé beagáinín díomá orm go bhfuil na finnéithe ag rá go gceapann RTÉ go ndéanann Raidió na Gaeltachta agus TG4 an gnó. Déanann siad sárjab ach tá dualgas faoi leith ag RTÉ freisin an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí tríd na cláir uilig. An bhfuil na finnéithe sásta leis an méid atá á dhéanamh acu? Cén saghas monatóireachta atá á dhéanamh acu?
Tá ceist dheireanach agam faoin reachtaíocht. Tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag feidhmiú faoi reachtaíocht ó 2009. An bhfuil sé rólag? An bhfuil laigí ann? An bhfuil moltaí ag na finnéithe maidir leis an reachtaíocht sin chun í a láidriú nó a threisiú?
No comments