Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 29 May 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge ar an Raidió: Údarás Craolacháin na hÉireann

4:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá mé ag cur isteach ar an bhfinné. Iarraim air teacht ar ais chugam maidir leis an mhéid a rinne an t-údarás i dtaobh an stáisiún seo roimh an tuarascáil ón Dr. John Walsh. Is rud amháin é sin. Tá ceist eile agam a bhaineann le líon na gcláir Gaeilge. Tá sé ráite ag na finnéithe nach raibh iontas orthu.

Tá dualgas faoi leith ar na stáisiúin raidió in ainneoin go bhfuil an fhreagracht íseal. Tá dualgas ar na stáisiúin Gaeilge a chraoladh. Tá na finnéithe ag déanamh monatóireachta air sin. Cén saghas monatóireachta a rinne siad agus a dhéanann siad maidir le líon na gclár Ghaeilge agus an Ghaeilge atá á úsáid ag na stáisiúin raidió? Cén fhad atá ar na ceadúnais? An deich mbliana é?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.