Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 29 May 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Úsáid na Gaeilge ar an Raidió: Údarás Craolacháin na hÉireann
4:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tuigim go bhfuil sé deacair ag an údarás. Nílimid anseo chun an údarás a cháineadh. Táimid anseo i mBliain na Gaeilge. I mo thuairim, bunaithe ar an mhéid atá feicthe againn, is bliain na géarchéime í don Ghaeilge. Tá ról faoi leith ag an údarás. Táimid ag teacht i dtaithí air sin, agus ag teacht ar an eolas, de réir a chéile. Cén sórt ról réamhghníomhach atá ag an údarás ó thaobh na Gaeilge sna stáisiúin raidió áitiúla? Tabharfaidh mé sampla chun rudaí a shimpliú. Tá mé i mo chónaí i gcathair dhátheangach na Gaillimhe ar thairseach na Gaeltachta is mó sa tír. Tá meas mór agam ar an stáisiún raidió sa chathair, ach ní chloisim focal Gaeilge air. Tá an stáisiún sin luaite sa staidéar taighde a rinne an Dr. John Walsh agus an Dr. Rosemary Day
No comments