Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 29 May 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge ar an Raidió: Údarás Craolacháin na hÉireann

4:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

An céad ceist ná, cén fáth nach bhfuil duine lán-aimseartha ag deileáil leis seo? Tá a fhios agam féin go bhfuil údaráis áitiúla thart timpeall na tíre le daoine ann leis an teideal acu go bhfuil siad mar oifigeach Gaeilge ach tá siad i mbun go leor oibre eile freisin. Is rud as 20 atá i gceist nuair atá duine ag deileáil leis an Ghaeilge.

An bhfuil plean ag an tUasal O'Keeffe mar gheall ar an Ghaeilge a leathnú amach, a fhású agus a fhorbairt san rud seo? Cathain a raibh an plean sin foilsithe ag an údarás? An bhfuil sé le feiceáil agus an féidir linn é a léamh? Cé mhéad airgead atá faighte ag an údarás do agus dírithe go hiomlán ar chraolacháin as Gaeilge agus cad é an trend atá ag an airgead sin le fada? Ó 2006 go dtí 2018, an bhfuil sé laghdaithe nó an bhfuil sé méadaithe? Cad atá i gceist ansin?

Cad é an ceangal atá ag Údarás Craolacháin na h-Éireann leis an Rialtas ar na rudaí sin? Cé mhéad uair sa bhliain a bhuaileann an tUasal O'Keeffe leis an Aire Stáit ar son na Gaeilge, na Gaeltachta agus na noileán, an Teachta McHugh, chun stiúir a fháil mar gheall ar dul chun cinn an Gaeilge? Tá bord comharliúcháin ag an Aire Stáit, an Teachta McHugh, mar gheall ar an Gaeilge agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Cad é an ceangal isteach atá ag Údarás Craolacháin na h-Éireann mar gheall air sin?

Cad iad na figiúirí mar gheall ar lucht éísteachta cláracha Gaeilge ar an stáisiún seo?

An bhfuil an t-údarás ag tomhas an méid daoine atá ag éisteacht leis na cláir seo? An bhfuil an figiúr sin ag fás nó ag laghdú bliain i ndiaidh bliana? Míneoidh mé an fhadhb atá agam, i ndáiríre. Dúirt RTÉ cúpla bliain ó shin go ndéanfaidís i bhfad níos mó ar son na Gaeilge - go gcuirfidís an Ghaeilge isteach i gach áit - ach níl faic déanta acu. Níl go leor leathanaigh ghréasáin de chuid RTÉ le fáil i nGaeilge. Cad is féidir linn a dhéanamh chun níos mó Gaeilge a ghríosadh ar RTÉ agus ar na stáisiúin eile? Más féidir leis na finnéithe na ceisteanna sin a fhreagairt, tiocfaidh mé ar ais le ceisteanna eile má tá an t-am agam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.