Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 29 May 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge ar an Raidió: Údarás Craolacháin na hÉireann

4:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Dúirt mé go bhfuilimid sásta go bhfuil siad os ár gcomhair ach ó mo thaithí féin, mar Chathaoirleach, bhíomar ag cur ceisteanna maidir le ról Údarás Craolacháin na hÉireann, go háirithe nuair a tháinig an Dr. John Walsh agus an Dr. Rosemary Day os ár gcomhair.

Ó mo thaithí féin mar Chathaoirleach, bhíomar ag cur ceisteanna faoi ról Údarás Craolacháin na h-Éireann, go háirithe nuair a tháinig Dr. John Walsh agus Dr. Rosemary Day os ár gcomhair. Chuir siad in iúl, ón taighde a rinne siad, cé chomh íseal agus a bhí líon na gcláracha i nGaeilge. Nuair a bhí an cosúlacht ar an scéal go ndearna RTÉ cinneadh an nuacht a réamhthaifeadadh, bhíomar ag ceistiú anseo cén ról atá ag Údarás Craolacháin na h-Éireann maidir le cinneadh mar seo. Mar a tharlaíonn sé, ní dheachaigh siad ar aghaidh leis an gcinneadh ach bhí sé ar intinn acu an nuacht Gaeilge a réamhthaifeadadh. Ligfimid do na baill teacht isteach ach cuirfidh mé rud i gcomhthéacs. Luaigh sibh athbhreithniú maidir leis an scéim fís agus fuaime. An mbeidh sé sin ag tarlú i 2019?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.