Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 29 May 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge ar an Raidió: Údarás Craolacháin na hÉireann

4:00 pm

Mr. Michael O'Keeffe:

Is ea. Beidh an scéim ag dul go dtí deireadh 2019 ach tá an review le haghaidh an céad cúig bliana eile ó 2020. Tá scéim chartlannaithe nua approved ag an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus seolfaidh an t-údarás é ar an 7ú Meitheamh. Tá a lán déanta ag TG4 sa scéim seo. Spreagfaimid craoltóirí raidió chun ról níos gníomhaí a bheith acu sa phróiseas iarratais don chéad scéim eile. Níl siad ag tógáil lán pháirt sa current scheme. Tá tionscnaimh choimhdeacha ann freisin, mar shampla tá Cine4 le TG4 agus tá ilDÁNA ann, a bhfuil mar chomhpháirtíocht idir an Chomhairle Ealaíon agus TG4. Cé gur teilifís atá i gceist sna tionscadail seo, fiosróidh an t-údarás deiseanna chun tionscnaimh den chineál céanna a fhiosrú le craoltóirí raidió Gaeilge agus comhpháirtithe ábhartha.

Tá airgead sna scéimeanna seo agus tá opportunities chun rudaí a dhéanamh leis na craoltóirí raidió.

An dara réimse ná an fhoghlaim rannach agus tacaíochtaí urraíochta agus bíonn é sin ann gach bliain agus tá €476,800 chun tacú leis na gníomhaíochtaí seo agus tá téama sonrach Gaeilge ag roinnt tionscnamh sa bhliain reatha.

Bhí seirbhís nuachta, dar teideal "Cogar", tamall de bhlianta ó shin, le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus stop sé cúpla bliain ó shin. D'oibrigh an t-údarás le Raidió na Life lena chinntiú gur gcoinneofaí an tionscnamh luachmhar seo. Táim sásta a rá gur athsheoladh an tseirbhís le hainm nua "Aerthonnta" níos túisce i mbliana, mar ardán digiteach, i gcomhair scéalta nuachta agus mar acmhainn eolais dóibh siúd atá ag craoladh i nGaeilge ar fud na tíre agus tá sé sin ar siúl ó mhí an Mhárta na bliana seo.

Tá tionscnamh eile le hlonad Scannán na Gaillimhe: ceardlann is ea Gréasán na Meán atá lonnaithe sa Spidéal. Cé go bhfuil na tionscnaimh dírithe ar an teilifís sa bhliain reatha, tá tairbhe ollmhór tras-mheáin leis an oiliúint a dhéanann siad, ar thacaigh an t-údarás leo agus tá opportunities ansin le rudaí a dhéanamh leis na stáisiúin raidió.

Tá an scéim urraíochta againn, freisin. Tá trí thionscadal a bhfuil téama Gaeilge acu in 2018. Tá Féile na Meán Ceilteach a bhí ann sa Bhreatain Bheag cúpla mí ó shin, agus tá ar aidhm aici teangacha agus cultúr na náisiún agus na réigiún Ceilteach a chur chun cinn. Bíonn an raidió agus an teilifís ar comhchéim ag imeachtaí agus gradaim na féile.

I mbliana déanfaimid urraíocht den chéad uair ar Ghradaim Meán an Oireachtais, i mí Dheireadh Fómhair. Rachaidh maoiniú an údaráis i dtreo roinnt gradam lena n-áirítear sraith nó clár raidió Gaeilge is fearr sa bhliain.

Ag deireadh gach bliana, déanann an t-údarás urraíocht do Sheachtain na Gaeilge le fada agus urraíocht ar na ceardlanna Gaeilge bliantúla do scoláirí meánscoile i rith mhí an Mhárta. ls é cuspóir an imeachta scoláirí a spreagadh chun scileanna raidió a fhorbairt trí Ghaeilge agus bhí an-rath ar an obair seo i mbliana, mar a bhíonn i gcónaí.

Maidir le tiomantais don Ghaeilge ar sheirbhísí faoi cheadúnas an údaráis, cuirfidh mé an stair ó thús na scéime ceadúnais ar son seirbhísí raidió tráchtála agus pobail ó 1988 os comhair an choiste agus beidh mé sásta ceisteanna a fhreagairt faoi sin.

Ag an am sin, tráth na gcéad licences, i gcás seirbhísí tráchtála bhí an Coimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách, an lRTC, den tuairim, anuas ar an riachtanas nuachta agus cúrsaí reatha 20% news and current affairs go mba leor tiomantas teoranta i ndáil le dualgais eile cosúil le Gaeilge, cultúr, deiseanna nua do thallann ceoil agus drámaíocht, ar an mbunús nach craoltóirí seirbhíse poiblí iad agus go raibh sé réasúnach go mbeadh an sceideal-chlár bunaithe ar bhonn tráchtála. Go ginearálta, glacadh le tiomantas i ndáil le soláthar líon uaireanta sa tseachtain ag amanna seachbhuaice - tráthnónta, deirí seachtaine - faoi gach ceann de na dualgais. Cuireadh na tiomantais sna conarthaí a bhí bunaithe ag an IRTC le gach seirbhís raidió tráchtála agus leanadh leis an gcur chuige seo go dtí an lá atá inniu ann. B'shin stair na licences atá ann inniu.

Déanann Údarás Craolacháin na hÉireann monatóireacht ar chomhlíonadh go randamach maidir leis na tiomantais sa Ráiteas Beartais Clár. Déanann na stáisiún freisin tuairisceáin craoltóra bliantúla a dheimhníonn, i measc nithe eile, cibé an bhfuil nó nach bhfuil siad ag comhlíonadh forálacha a gconarthaí aonair.

Caithfidh mé labhairt freisin faoi sheirbhís raidió Gaeilge Raidió na Life agus seirbhís raidió digiteach Raidió Rí Rá. Ba mhaith leis an údarás, agus táimid ag déanamh an broadcasting services strategy consultation ag an am seo, níos mó seirbhísí den chineál seo a fheiceáil ach aithnímid go bhfuil dúshláin mhaoinithe maidir le feidhmiú na seirbhísí sin agus nach dócha go mbeidh siad inmharthana ar ioncam tráchtála amháin. Bheadh fonn ar an údarás fiosrú a dhéanamh maidir leis an gcaoi is fearr seirbhísí nua féideartha den chineál sin a fhorbairt agus a mhaoiniú sna blianta romhainn.

I dtaobh na tuarascála maidir le húsáid na Gaeilge, ar dtús ba mhaith liom a rá go bhfáiltíonn an t-údarás roimh an méid is féidir a dhéanamh leis an tuarascáil agus an taighde breise a bheartaítear a chuirfidh le breisiú chraolachán na Gaeilge ar an raidió in Éirinn. Tuigimid gurbh é an cuspóir a bhí leis an tuarascáil a fhoilsiú ag an am sin díospóireacht a chothú agus tuilleadh ionchuir a fháil ó stáisiúin, acadóirí eile agus páirtithe leasmhara. Ba é an chéad chéim eile den taighde go mbeidh agallaimh leis na bainisteoirí stáisiúin agus go gcuirfear chuig an údarás ansin í.

Tar éis an tuarascáil a fháil, thug an t-údarás faoi anailís ar na ráitis maidir le beartais cláir ar gach seirbhís agus tá an leibhéal tiomantais comhsheasmhach le torthaí na tuarascála i bhformhór cásanna. Rinneamar anailís shonrach ar thiomantais na ndaoine sin atá ainmnithe sa tuarascáil amhail gan cláir Ghaeilge ar bith a bheith acu. Táimid sásta go bhfuil gach stáisiún ag craoladh na dtiomantas cláir Ghaeilge atá ina ráitis ó Eanáir na bliana seo.

Chríochnaigh an tuarascáil le roinnt moltaí do reachtóirí, don rialtóir agus do chraoltóirí. Ní dhearna an t-údarás breith ar an tuarascáil go foirmiúil agus tá sé mar rún againn é sin a dhéanamh nuair a bheidh na céimeanna eile den tionscadal curtha i gcrích. Ach, chun críocha plé, tá pointí sa doiciméad sin atá ag an gcoiste.

Chuaigh an Coiste Comhairleach Gaeilge bunaidh i ngleic le cláir fhorbartha earnála agus tionscnaimh thacaíochta agus tá siad sin anois mar ghné lárnach de na gníomhaíochtaí a bhfuil an t-údarás ag tabhairt fúthu. Tá suim thiomanta freisin ag beirt de chomhaltaí foirne an údaráis maidir leis an gcaoi a dhéanann an t-údarás an Ghaeilge a chur chun cinn agus tacú léi. Tá na nithe sin inár ráiteas straitéiseach agus is féidir linn caint faoi sin.

Thacóimis go láidir le tionscnaimh a spreagfadh feasachta níos mó agus d'iarr an t-údarás é sin ar na stáisiúin raidió. Beidh an t-údarás an-sásta oibriú i gcomhpháirt leis an earnáil chraolacháin raidió chun an coincheap a fhorbairt tuilleadh. Ní easaontaímid le príomhthoradh an tsuirbhé go bhfuil leibhéal íseal ag pobal na gclár Gaeilge ar raidió. Táimid den tuairim, áfach, gurbh é seo an leibhéal a beartaíodh nuair a bunaíodh an earnáil in1988 agus nár athraíodh ó shin é. Nílimid i bhfabhar cuótaí a chur i bhfeidhm ach díreoidh an t-údarás ar thacú le tionscnaimh agus comhpháirtíochtaí a bhreiseoidh an soláthar reatha. D'fhéadfaí úsáid níos fearr a bhaint freisin as tacaíochtaí maoinithe cosúil leis an scéim Fuaim agus Fís.

I dtaobh na n-athruithe reachtúla, bheadh orainn súil a chaitheamh ar thírdhreach na meán, the media landscape, atá athraithe le deich mbliana anuas agus na dúshláin amach anseo do na meáin thraidisiúnta. Is féidir liom, I may explain this a little better as Béarla, in English, ach tá oibleagáidí an-reachtúil suntasacha ar na meáin thraidisiúnta, raidió agus teilifís. Níl aon oibleagáidí ar na meáin nua agus caithfear aghaidh a thabhairt ar an gcothroime idir na meáin nua agus na meáin thraidisiúnta sula gcuirfí aon oibleagáid nua níos déine i bhfeidhm ar na meáin thraidisiúnta. Teastaíonn níos mó díospóireachta ar an ábhar seo sula gcuirfear aon riachtanais nua i bhfeidhm agus beimid ag glacadh páirt i ndíospóireacht den chineáil sin sna míonna romhainn amach agus sa bhliain seo chugainn mar tá píosa legislation ag teacht chun cinn chun aghaidh a thabhairt, to address, ar na meáin nua.

Níl mé le haon rud a rá faoi chuid 6, mar tá samplaí den obair atá á déanamh againn laistigh den údarás agus táimid sásta aon cheist a fhreagairt faoi sin. Tá an tUasal Dave Butler, a bhfuil ina chomhalta den fhoireann Ghaeilge - tá foireann Ghaeilge saineolaithe againn - agus tá An tUasal Butler anseo chun labhairt faoi aon cheann de na rudaí sin. Ba é sin an méid uaim.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.