Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 April 2018

Joint Oireachtas Committee on Transport, Tourism and Sport

Proposed MetroLink: Discussion

1:30 pm

Ms Marcella Nic Niallaigh:

A Chathaoirligh, a bhaill den choiste, na grúpaí uilig atá anseo, ar son phobal Scoil Mobhí gabhaim buíochas libh as ucht an deis a bheith anseo chun an t-ábhar seo a phlé.

Tacaímid leis an MetroLink ach ní ar chostas sláinte agus sábháilteachta páistí agus foireann ár scoileanna. Tá páistí agus foireann Scoil Mobhí agus Scoil Chaitríona i dteideal foghlama agus múinte a bheith acu i suíomh slán. Táimid iontach buartha go bhfuil ár scoileanna agus Cumann Lúthchleas Gael na bhFiann i mbaol faoi láthair agus an gaelcheantar an-éagsúil ar fad atá suite i nGlas Naíon. Tá muidne ag brath go mór ar Na Fianna agus ar Scoil Chaitríona chun áiseanna a roinnt, mar níl a dhóthain áiseanna againne i Scoil Mobhí agus dar ndóigh, feicfidh sibh go bhfuil caidreamh iontach speisialta eadrainn sa thrí ghrúpa anseo.

Cuirfear fáilte roimh na comhaltaí nuair a thiocfaidh siad isteach agus mar a dúirt Carmel de Grae, beidh an citeal ar siúl agus b'fhéidir go mbeidh cúpla briosca chomh maith, ni bheadh a fhios acu. Feicfidh siad agus gheobhaidh siad blas den áit iontach speisialta atá ar Bhóthar Mobhí nach bhfuil ar fáil, dar liomsa, in aon áit eile, sa tír seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.