Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

7:35 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar a deirim, agus ná bíodh amhras ar bith ach go bhfuil mé ag insint an fírinne, is é an cruthúnas ná gur chuir muid aonad aistriúchán ár gcuid féin because bhí caint ann ag an am go gcaithfimid na rialacháin a aistriú freisin agus ní raibh muid chun é a fhágail faoi Thithe an Oireachtas anseo because ní raibh aon mhuinín ag éinne go ndéanfadh siad é. Sin a bhí i gceist againn a dhéanamh ag an am, go ndéanfadh an Rialtas é sin because tá siad sin faoi na Rannaí Stáit, faoi ord an Aire Stáit. Bhun muid aonad thiar sna Forbacha so cén fáth go gcuirfidh siad leis, mar bhí sé i gceist againn go ndéanfaí an t-aonad sin a aistriú do chuile Roinn Stáit chomh maith ar ghnáth rudaí laethúla ach chomh maith leis sin go ndéanfadh siad na horduithe Rialtais. Faraor ghéar cuireadh é sin ar ceal ach taispeánann sé sin go raibh dáiríreacht ann ó thaobh an Rialtais de ach go raibh an fhadhb sa Teach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.