Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 17 April 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
7:25 pm
Mr. Daithí Mac Cárthaigh:
Tógfaidh mé an cheist mar gheall ar an dréachtú dátheangach ar dtús. Ní bheadh dualgas ann aon rud a phlé go dátheangach, mar bheadh an Bille á chur ar fáil mar áis. An rud atá i gCeanada, mar shampla, nuair atá ciall le baint as téacs atá dátheangach, labhraíonn siad mar gheall ar an riail chomhchéille nó an shared-meaning rule. Caitheann siad súil ar an leagan Béarla agus ar an leagan Fraincise agus an leagan a chuimsíonn nó a chuimsítear ag an dá téacs. B'shin an leagan a théann siad leis. Tá go leor coinbhinsiún a bhaineann le reachtaíocht a fhorléiriú, agus b'shin ceann acu, agus nuair atáimid á dhéanamh le Bunreacht na hÉireann, 1937, cé go bhfuil forlámhas ag an leagan Gaeilge, fós féin níl an leagan Béarla gan tábhacht, mar rith an pobal an dá leagan ag an am céanna. Más féidir, tagtar ar an leagan gur féidir brí choiteann a bhaint as sa dá theanga.
Ar ndóigh i bParlaimint na hEorpa táimid ag caint faoi 24 leagan, agus ní dóigh liom go bhfuil aon duine beo a bhfuil 24 teanga an Aontais Eorpaigh acu. Is éard a tharlaíonn ná go mbíonn coincheap i gceist. Céard a bhí i gceist ag an bParlaimint? Céard a bhí i gceist ag an Oireachtas? Cé acu an leagan is fearr a chuireann feoil agus cnámha ar an gcoincheap sin? Mura mbíonn ann ach dá theanga ní bhíonn deacracht ann, i ndáiríre. Bí cinnte go mbeidh plé ann sa dá theanga oifigiúla agus go mbeidh sé níos soiléire.
Mar gheall ar chostas, arís ar ais, an fhadhb atá anois ann ná nach bhfuil siad ag caitheamh a dhóthain airgid ar Rannóg an Aistriúcháin faoi láthair. Sílim go raibh Tithe an Oireachtais os comhair an choiste seo, agus go dúradh go raibh os cionn 300 Acht nach raibh aistrithe go Gaeilge go fóill nó nach raibh ar fáil. Tá sé sin soiléir ach dul isteach ar shuíomh idirlín an Taoisigh. Is cinnte go bhfuil airgead le caitheamh air sin ach nach bhfuil dóthain airgid á chaitheamh air i gcomparáid le háit a bhfuil an t-airgead cuí á chaitheamh ar reachtaíocht i nGaeilge, is é sin le rá san Aontas Eorpach, mar ní bhíonn siad ag rá, an gcaithfimid é seo a dhéanamh nó an féidir linn gan é a dhéanamh. Glacann siad leis an dualgas an reachtaíocht a chur amach go hilteangach agus déantar é. Seans go mba gá le foireann aistriúcháin i ngach Roinn Stáit, go mbeadh dlítheangeolaithe i ngach Roinn Stáit, go mbeadh daoine ag plé in oifig an dréachtóra pharlaimintigh agus go mbeadh daoine dátheangacha ag obair ansin.
Nach bhfuilimid ag iarraidh an reachtaíocht is fearr a chur ar fáil, seachas dul ar ais agus é a leasú arís is arís eile? B'fhearr é a bheith i gceart ar dtús.
Maidir le fadhb a bheith leis an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, caithfear an cheist a chur cé atá i gceannas. Táimid inár gcónaí i dtír dhaonlathach agus toghtar daoine chun smacht a choimeád ar an státchóras, agus is é sin an áit a dtagann baill an choiste isteach. Mura mbíonn na polaiteoirí ag cur brú ar an Rialtas buan, tarlóidh an rud a tharla faoin gcóras cumannach, is é sin b'ionann na polaiteoirí agus na státseirbhísigh, agus bhí an-easnamh orthu mar gheall ar rudaí a dhéanamh nua, i bpíosaí, mar nach raibh aon bhrú ag teacht ón bpobal nó ní raibh aon bhrú ag teacht ó na polaiteoirí anuas ar na státseirbhísigh. Seans nach raibh an córas chun oibriú, pé scéal é, ach níor chabhraigh sé nach raibh deighilt shoiléir idir na polaiteoirí agus an rialtas buan, agus níor chabhraigh sé nach raibh an brú anuas sin ann. Caithfear ceist a chur cé atá i gceannas, mar tá an pobal ar a shon agus tá na polaiteoirí ar a shon. Caithfidh na státseirbhísigh géilleadh, mar sin an jab atá acu.
No comments