Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

7:15 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim míle buíochas leis an Uasal Mac Cárthaigh as teacht isteach inniu. Is léir go bhfuil obair iontach déanta aige mar gheall ar na haighneachtaí atá curtha os ár gcomhair inniu. Is é sin an rud atá de dhíth ag an gcoiste seo, saineolaithe leithéid í an tUasal Mac Cárthaigh atá in ann a gcuid tuairimí a chur os ár gcomhair roimh an bpróiseas seo. Tá sé deacair fadhbanna a aimsiú ina chuid aighneachtaí. Molaim an chuid is mó dóibh. Mar gheall ar an bpointe deireanach ar rith sé tríd, ba cheart go mbeadh dualgais ag baint le, ar a laghad, comhlachtaí atá ag feidhmiú sa tír seo ar bonn ceadúnais - na bainc, na comhlachtaí árachais, eagraíochtaí cosúil leis sin, agus fiú Vodafone agus na heagraíochtaí eile a fhaigheann ceadúnais ón Stát. Ba cheart go mbeadh na heagraíochtaí sin ag cur seirbhísí ar fáil i nGaeilge. Ar an gcéad dul síos, b'fhearr liom go mbeadh siad á dhéanamh as a stuaim féin. Ceapaim go huile is go hiomlán go mbaineann competitive advantage leis an nGaeilge. Ba cheart dóibh féidearthachtaí na Gaeilge a dhíol don phobal, ach níl sé sin ag tarlú go fóill. Ceapaim go bhfuil rudaí ag titim amach ag cúpla comhlacht le déanaí.

Tá an-suim agam in Údarás na Gaeltachta. Bhí fadhb inniu i Rath Chairn mar gheall ar fhaitíos atá ar an gcomharchumann nach mbeidh aon choinníoll teanga ann le haghaidh forbartha i Rath Chairn sa todhchaí. Má thagann forbróir isteach agus má thógann sé 20 nó 30 teach istigh i Rath Chairn a bheidh lán le Béarlóirí, scriosfaidh sé sin an Ghaeltacht go huile is go hiomlán. Dá mbeadh an dualgas sin ar Údarás na Gaeltachta, athródh sé rudaí go huile is go hiomlán. Chuaigh mise agus Trevor Ó Clochartaigh thar timpeall na nGaeltachtaí go léir cúpla mí ó shin. Is é an rud a fuair muid amach ná nach mbíonn dearcadh dearfach ag an gcomhairle contae mar gheall ar an nGaeilge de ghnáth.

Is mór an trua é sin.

Maidir le comharthaí bóithre, is ait an rud é i ndáiríre, mar tá an Taoiseach i bhfabhar comharthaí bóithre agus tá an Teachta Ross i bhfabhar comharthaí bóithre, go huile is go hiomlán go dtí an méid céanna, ach tá fadhb ann i mo thuairim leis an Roinn féin.

Feictear dom na buntáistí atá ag baint leis na Billí a bheith déanta as Gaeilge agus an córas dréachtaithe a bheith á dhéanamh ag an am céanna sa dá theanga. An fhadhb é sin mar gheall go mbeidh dualgas ar dhaoine díospóireacht a bheith acu ar dhá shaghas Bhille, is é sin beidh orthu dul tríd an dá cheann ag an am céanna de bharr go mbeidh tuiscint dhifriúil uaireanta ag focail áirithe i mBéarla agus i nGaeilge? An bhfuil aon taighde déanta maidir leis an gcostas a bheadh ag gabháil leis sin? Táim ag iarraidh a bheith i mo devil's advocate mar gheall ar na míbhuntáistí a bhaineann leis an gcóras sin. An chuid is mó atá ráite, aontaím go huile is go hiomlán leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.