Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 17 April 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
6:25 pm
Dr. Aodhán Mac Cormaic:
Aontaím leis an Teachta Ó Muimhneacháin faoin oiread dea-thoil atá ann. Chonaic muid ar na sráideanna é Dé Sathairn seo caite. Nuair a d'fhreastail mé ar an tsiúlóid sin, thug mé faoi deara an dea-thoil ní hamháin ó na daoine a bhí ag siúl ach freisin ó na daoine ar thaobh na sráide a bhí ag glacadh grianghraif agus chuile rud. Nuair a théim isteach i dtacsaithe i mBaile Átha Cliath, cloisim na tiománaithe ag rá gur bhreá leo bheith in ann labhairt i nGaeilge. Aontaím leis an Teachta go bhfuil an dea-thoil sin ar fáil chuile lá.
Maidir leis an éileamh ar na poist, is léir ó chuid mhaith den aiseolas atá faighte againn ó dhaoine sna Ranna agus sna heagraíochtaí éagsúla go mbíonn deacrachtaí acu daoine le Gaeilge a fháil. Níor mhaith liom a rá go bhfuil fadhb ann leis na córais atá ann faoi láthair le haghaidh daoine a earcú. Is dócha go bhfuil an córas sin dírithe ar uimhreacha, go háirithe nuair a thagann uimhreacha móra isteach. Nuair a rith an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comórtas le haghaidh oifigigh cléireachais cúpla bliain ó shin, chuir thart ar 28,000 duine iarratas isteach. Caithfear teacht ar bhealach chun a leithéid de chomórtas a bhainistiú. Ag an tús, déanann siad tástáil shíciméadrach ar na hiarratasóirí agus faigheann an próiseas sin réidh le go leor de na daoine a chuireann isteach ar na comórtais seo. Glacaim leis go mbíonn go leor Gaeilgeoirí i measc an chohóirt a chuirtear as an iomaíocht ag an bpointe seo. Labhair muid cheana leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir leis an gcóras sin a athrú b'fhéidir chun Gaeilgeoirí a choinneáil istigh sa chomórtas. Ag deireadh an lae, tá an Rialtas tar éis na sprice a leagan amach go bhfuil siad ag iarraidh tuilleadh daoine le Gaeilge a fháil isteach sa Státchóras. Caithfimid oibriú leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, agus na dreamanna eile ar nós an Gharda Síochána atá ag earcú seirbhíseach poiblí, le teacht ar chóras le haghaidh cohórt níos mó le Gaeilge a fháil isteach sa chóras. Is cinnte ón aiseolas atá faighte againn ó go leor de na comhlachtaí agus na Ranna atáimid ag caint fúthu go bhfuil cinn orthu teacht ar dhaoine le Gaeilge tríd an gcóras atá ann. Caithfimid dul i ngleic leis an bhfadhb sin a réiteach.
Maidir leis an gcoiste comhairleach a bhí mé ag caint faoi, nuair a shuíonn muid síos leis na heagraíochtaí uilig a déanann earcaíocht, tiocfaimid ar bhealach le dul i ngleic leis sin. Níl ansin ach cuid den fhadhb. Caithfimid daoine a spreagadh le cur isteach ar na comórtais freisin. Maidir leis an próiseas comhairliúcháin, cuirfear dréachtchaighdeán amach go dtí earnáil. Má phioctar earnáil amháin, déanann muidne dréacht amach de chaighdeán a bheadh muid ag súil leis agus déanfar é sin bunaithe ar eolas atá againn cheana féin. Tá go leor eolas againn a fuair muid mar cuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Cuirfidh muidne dréacht amach le haghaidh comhairliúcháin ansin agus beidh deis ag an earnáil agus ag an bpobal freisin, ionchur a bheith acu maidir leis an dréacht agus an dearadh don chaighdeán seo. Sin a bheadh muid ag súil go dtarlódh ansin. Tar éis an phróiseas comhairliúcháin phoiblí, samhlaím go mbeadh muidne ag suí síos leis an earnáil mar ghrúpa le hionadaithe. Más san earnáil triú leibhéil atá sé, tiocfaidh na hollscoileanna le chéile agus suímid síos leo le haghaidh na gcaighdeán a leagadh amach. Beimid ag iarraidh go mbeidh siad dúshlánach. Nílimid ag iarraidh críochnú suas leis an gcaoi a bhfuilimid leis na scéimeanna teanga, cuid acu gan aon dúshlán ann faoi láthair. Táimid ag iarraidh go mbeidh rudaí dúshlánach ann agus go mbeidh spriocanna leagtha síos. Muna bhfuil siad in ann cuid de na dúshláin sin a bhaint amach láithreach bonn, beidh spriocanna leagtha amach sna caighdeáin sin, sna díolúintí a bheas sna caighdeáin, do chomhlachtaí áirithe le haghaidh na caighdeáin a bhaint amach tar éis cúpla bliain. Sin an bealach a oibreoidh sé sin. Tá súil agam go bhfreagraíonn sé sin an cheist ar an gceann sin.
Tagraím don chóras maidir le spriocanna inmheánach. Beidh sé deacair aon rud a dhéanamh go hinmheánach. Ar an bpointe a dtosaíonn duine ag caint faoi rudaí a dhéanamh go hinmheánach agus sruthanna áirithe de dhaoine le Gaeilge a chur isteach sa chóras, d'fhéadfadh impleachtaí a bheith ansin agus d'fhéadfadh spéis a bheith ag na ceardcumainn ansin. Ní bheadh siad iontach tógtha leis an smaoineamh. Caithfimid a bheith airdeallach faoi sin. D'fhéadfaimis deacrachtaí a chruthú ansin agus níos mó trioblóid a tharraingt orainn féin agus muid ag iarraidh córas nua a chur isteach.
No comments