Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:25 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá reachtaíocht an-tábhachtach á phlé againn ag am ina bhfuil an-bhrú ar an nGaeilge agus ar an straitéis 20 bliain. Bhí sé soiléir ag an gceiliúradh mór ag an deireadh seachtaine go bhfuil dea-thoil ann, go háirithe i measc an phobail. Ós rud é go bhfuil an t-éileamh ann, caithfear an dea-thoil atá luaite agam a fheiscint laistigh de na córais éagsúla. Teastaíonn ó dhaoine bheith in ann plé leis an Roinn. Nuair a chuireann siad glaoch ar oifig Stáit, táthar ag súil go mbeidh duine ar fáil ionas go mbeidís in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Tá an sprioc de 20% an-tábhachtach. Aontaím gur cheart tosú láithreach le daoine nua a thógaint isteach. Tá earcaíocht inmheánach ag teastáil i dtaobh na ndaoine atá laistigh den chóras faoi láthair. Glacaim leis nach bhfuil figiúirí cruinne ag an Dr. Mac Cormaic. Shamhlófaí go mbeadh an-chuid daoine ag teacht suas tríd an gcóras. An dóigh leis an Dr. Mac Cormaic go mbeadh aon sprioc oiriúnach chuige sin? Measaim go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh sprioc ansin. Tuigim ón Dr. Mac Cormaic nach bhfuil aon sprioc in aon chor á leagadh síos maidir le cúrsaí inmheánacha. Shamhlóinn go mbeadh an-chuid daoine ag bogadh laistigh den chóras. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh tréimhse ama áirithe mar sprioc chomh maith, ní hamháin ionas go mbeadh daoine ábalta plé leis an bpobal ach freisin ionas go mbeadh daoine le Gaeilge in ann druidim suas tríd an gcóras agus ról ceannaireachta níos mó a ghlacadh. Go minic, ní bhíonn an t-oifigeach Gaeilge in a lán eagraíochtaí suas ar barr an liosta ceannaireachta. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbeadh rud éigin ann chun daoine a bhrú suas. Ba cheart go mbeadh an córas ag brú ar aghaidh muintir na Gaeilge agus go mbeadh sprioc leagtha síos sa chomhthéacs sin.

Tá sé ráite go mbeidh an tAire Stáit ag leagadh síos caighdeáin agus ag seoladh amach ciorcláin chuig na heagraíochtaí éagsúla. An í an tuiscint atá ann ná go mbeidh an sprioc, i dtaobh an méid duine lena mbeifear ag glacadh, laistigh de sin? An mbeadh an leibhéal nó an caighdeán a bheidh le baint amach ag na heagrais éagsúla á chinntiú? An bhfuil an ceart agam a leithéid de thuiscint a thógaint ón Dr. Mac Cormaic? An mbeadh aon cheannas air sin? An mbeadh sé seo ag gluaiseacht an t-am ar fad?

Dúirt an Dr. Mac Cormaic go bhfuil sé dóchasach go bhfoilseofar an reachtaíocht roimh an samhradh. Creid nó ná creid, in ainneoin na haimsire, táimid ag druid i dtreo an tsamhraidh. An dóigh leis an Dr. Mac Cormaic go mbeidh an Bille againn go gairid ionas go mbeidh deis againn é a phlé roimh an samhradh, nó an bhfuil sé ag féachaint ar spriocdháta an-déanach sa samhradh? An bhfuil baol ann go mbeimid ag sleamhnú isteach san fhómhar sar a bheidh aon deis againn an reachtaíocht a phlé?

Braithim go bhfuil na spriocanna atá luaite agam an-tábhachtach. Tá an Roinn tar éis plé a dhéanamh le roinnt de na rannóga difriúla agus na córais dhifriúla. An bhfuil aon tuairim faighte uathu i dtaobh líon na ndaoine atá ag lorg poist Gaeilge? Cén t-éileamh atá ann? Shamhlóinn go mbeadh figiúirí ag na heagraíochtaí ar fad agus go mbeadh sé soiléir go bhfuil daoine ann a bheadh in ann tosú tapa go leor. Cén saghas figiúirí atá faighte ag an Roinn ó na rannóga éagsúla maidir le héileamh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.