Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 29 March 2018

Public Accounts Committee

2016 Annual Report of the Comptroller and Auditor General and Appropriation Accounts
Chapter 15 - Galway Art House Cinema
Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

9:00 am

Mr. Aodhán Mac Cormaic:

Maidir leis an bplean cúig bliana, tá an fhaisnéis uilig a bhí muid ag cuardach faighte. Obviously, táimid ag comhordú gach rud ó na Ranna Stáit agus na heagrais Stáit. Táimid ag díriú isteach anois ar an eolas sin a chur le chéile agus a fhoilsiú taobh istigh de roinnt seachtainí. Go dtí seo, bhí muid ag fanacht ar cúpla Roinn le teacht ar ais chugainn. Caithfidh mé é a chur ar an taifead go raibh go leor míchruinneas sa tuairisc a bhí ar TG4. Dúirt siad nach raibh aon fhoireann bhreise ar leith ag obair ar an straitéis. Bhí go leor scéimeanna eile á reáchtáil agus á riaradh ag an Roinn ag an am, ag dul siar roimh aimsir na straitéise 20 bliain. Tá an fhoireann uilig a bhí ag obair ar scéimeanna a bhain le céibheanna agus bóithre straitéiseacha, srl., ag obair ar chur i bhfeidhm na straitéise anois. Tá an t-aonad straitéise sna Forbacha dírithe ar an straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm. Tá mé ag ceapadh go raibh cuid den eolas a bhí sa tuarascáil sin, a d'fhoilsíodh agus a cuireadh ar fáil trí TG4, míchruinn. Bhí muid cineál díomách faoin gcaoi inar dearnadh é sin. Fuair an tAire an ceart freagra a chur isteach ag an nóiméad deireanach, díreach sula ndeachaigh an clár ar an aer.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.