Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 March 2018

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2018
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

1:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá dea-scéal maidir leis an fhoras. Tá an dualgas orainn uilig agus ar an fhoras freisin maidir le pleanáil teanga taobh amuigh den Ghaeltacht. Beimid ag iarraidh dul níos cóngaraí leis sin. Ag dul ar ais do mholtaí an Chathaoirligh féin, bhí sé ag caint faoin Aire, an Teachta Zappone, agus an ról ata aici sa Roinn. Bím i mo shuí achan Mháirt leis an Taoiseach, an Teachta Varadkar, ar mo chlé agus an Aire, an Teachta Zappone, ar mo dheis. Táimse ag amharc go dtí Bille na dteangacha oifigiúla (leasú). Táimid ag iarraidh go mbeadh níos mó daoine le Gaeilge. Dá mbeidis in ann ár ndualgais agus ár sprioc i dtaca leis an 20% a bhaint amach, b'fhéidir go mbeimid i spás difriúil.

Maidir leis an cheist fadúda na scoileanna agus na Gaelscoileanna, d'fhéach mé ar ais tríd na blianta agus nuair a tháinig na Gaelscoileanna isteach b'fhéidir go raibh ceann amháin i nDún na nGall nó b'fhéidir ceann amháin nó dhá cheann i mBaile Átha Cliath ar dtús. Tá siad ag fás. Anois tá éileamh ollmhór i measc tuismitheoirí atá ag smaoineamh faoina bpáistí a sheoladh go dtí na Gaelscoileanna. Ach cad a bheidh na meánscoileanna eile ag déanamh? I nGuaire i gContae Loch Garman bhí sruth Gaeilge sa phobalscoil. Chuir Abbey Vocational School i nDún na nGall sruth Gaeile ar bun an bhliain seo caite.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.