Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 March 2018

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2018
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

1:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Ní aontaím leis an Teachta go bhfuil laghdú tagtha ar an tábhacht a thugtar do na ceantair Ghaeltachta. Tá cuid mhór obair ag dul ar aghaidh. Is cinnte go raibh laghdú thar na blianta nuair a bhí an tír seo i dtrioblóid. Níl ceacht staire de dhíth anois. Beidh thart ar €170 milliún ar fáil amach anseo. Beimid ag treabhadh ar aghaidh leis an gcaipitil bhreise fá choinne Údarás na Gaeltachta fosta. Táimid ag amharc go dtí an lá nuair a bheidh €12 milliún ar fáil le haghaidh na rudaí caipitil agus, tá súil againn, go mbeidh suas le 1,000 poist bhreise sna ceantair Ghaeltachta.

Chuir an Teachta ceist orm faoin bhForas Teanga, comhlacht teanga Thuaidh-Theas atá comhdhéanta de dhá ghníomhaireacht - Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, nó tha Boord o Ulster-Scotch. Is í an príomhfhreagracht atá ar Fhoras na Gaeilge ná an Ghaeilge a chur chun cinn i gach gné den saol ar fud oileán na hÉireann. Is í an phríomhfhreagracht atá ag Gníomhaireacht na hUltaise ná feasacht mhéadaithe ar an Ultais, ar shaincheisteanna cultúrtha na hAlbainis Uladh agus ar úsáid na hUltaise a chur chun cinn i dTuaisceart Éireann agus ar fud oileán na hÉireann. Ceadaíonn an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas pleananna gnó bliantúla agus buiséid bhliantúla don dá gníomhaireacht. Sa chomhthéacs sin, faigheann Foras na Gaeilge 75% dá gcistiú ón Roinn seo agus 25% dá gcistiú ón Roinn Phobail i dTuaisceart Éireann agus faigheann Gníomhaireacht na hUltaise 75% dá gcistiú ón Roinn Phobail i dTuaisceart Éireann agus 25% dá gcistiú ón Roinn seo. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach rabhthas, de bharr cúinsí polaitiúla i dTuaisceart Éireann, in ann aon chruinniú de chuid an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a thionól sa bhliain 2017. Dá bhrí sin, níor ceadaíodh na pleananna gnó don bhliain 2017 nó don bhliain 2018 go fóill.

Thug an Teachta aitheantas don ról pearsanta atá ag an Taoiseach maidir le Bliain na Gaeilge. Tá an ceart aige go bhfuil suim mhór ag an Taoiseach sa cheist seo. D'fhógair sé Bliain na Gaeilge le Conradh na Gaeilge, a mhol i dtús báire go mbeadh Bliain na Gaeilge ann. Tá nasc idir Chonradh na Gaeilge agus na dreamanna uilig ar an talamh atá ag obair. Tháinig €450 milliún isteach mar allúntas amháin ón Rialtas. Chomh maith leis sin-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.