Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 28 March 2018
Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Estimates for Public Services 2018
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
1:30 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Bhí €500,000 leis an phleanáil teanga a chur i bhfeidhm in 2015. In 2016 bhí €1 milliún ar fáil. Anuraidh bhí €1.3 milliún ar fáil agus i mbliana tá €2.6 milliún ar fáil faoi choinne pleananna teanga a chur i bhfeidhm. Nuair a bheidh na limistéir teanga curtha i gcrích agus na dreamanna eile ag dul isteach sa phróiseas, beidh airgead breise ar fáil. Tá muidne ag dul ar aghaidh maidir leis an straitéis 20 bliain. Tá nasc idir na daoine uilig ar an talamh atá ag obair leis an Rialtas. Is iad na dreamanna a bheidh freagrach as an straitéis ar an talamh ná Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Sin an freagra maidir leis an straitéis 20 bliain. An bhfuil an Teachta chun fanacht ar na freagraí eile?
No comments