Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:05 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Níl aon athrú ar alt 10. Tá roinnt bealaí thimpeall air. Cinnte bealach amháin, tá sé ráite go sonrach agus sílim gur tuigeadh é seo nuair a bhí an t-Acht a dhréachtú, go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh doiciméidí nó tuarascálacha ag teacht chun cinn a bhí tábhacht faoi leith leo. Luaitear ansin in alt 10(e) gur féidir leis an Aire fo-ordú a dhéanamh go gcaithfear é sin a bheith ar fáil go chomhionannach i nGaeilge agus i mBéarla. Dá bhfeicfeadh Aire Rialtas go raibh tábhacht faoi leith ag baint le cáipéis a bheith ag teacht, muna raibh sé ag teacht faoin Alt féin, go bhféadfadh sé fo-ordú a dhéanamh go gcaithfear é a fhoilsiú sa dá theanga ag an am céanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.