Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:55 pm

Mr. Colm Ó Coisdealbha:

Ní féidir liom a rá ach gur fíric í sin. Níor dúradh riamh go raibh fadhb ann le bheith ag aontú scéim teanga. Tá na scéimeanna mar atá siad. Ní féidir linn ach labhairt faoin chaoi go bhfeictear dúinn go bhfuil siad. Go bunúsach, is conarthaí faoi sholáthar na seirbhísí thar tréimhse áirithe ama atá iontu. Athraíonn siad. Mar a bhíos ag tráchtaireacht, maolaítear agus laghdaítear iad. Cuirtear leo chomh maith. Ní féidir linn a rá go bhfuil sé uilig diúltach. Bheimis ag rá go bhfuil cuid de na scéimeanna an-mhaith. Mar phátrún, is léir go ginearálta go bhfuil teorannú i gceist. D'iarr an Cathaoirleach an ceart dúinn iad go léir a dhíbirt, agus fáil réidh leo uilig. Is cinnte gur cheart go mbeadh na caighdeáin in ann bheith níos foirfe mar chóras. B'fhéidir go dteastaíonn rud éigin breise i dtaobh na rudaí eisceachtúla. Sa chás sin, b'fhéidir gur scéim nó rud éigin eile a bheadh i gceist a thugadh cead don Aire rialacháin a dhéanamh, más mian leis nó léi é sin a dhéanamh, ag aon tráth i leith aon chineál seirbhís ag an leibhéal eagraíochta. Táimid ar ais go dtí an mórphointe - gur cheart an phleanáil cheart a bheith déanta. Ní ceart malartú a dhéanamh idir an córas scéimeanna agus an córas caighdeáin gan an phleanáil cheart a bheith déanta leis an earcaíocht, leis na seirbhísí agus leis an treo ina bhfuilimid ag dul. Teastaíonn an plean sin go mbeadh dualgas reachtúil leis an bplean, go mbeadh an plean ullmhaithe taobh istigh de thréimhse áirithe ama agus go mbeadh na dualgais á gcomhlíonadh. Tá mé ag caint faoi phlean naisiúnta seachas faoi phlean ag leibhéal eagraíochta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.