Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:55 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tagann sé seo go croí céard a dhéanann an tAcht. Bhí díospóireacht ag an am an bhféadfaí fógra comhionann a chur in iris Ghaeilge, nó an gcaithfear fógra dátheangach a chur in The Irish Timesar chostas ollmhór. Bhí na meáin Gaeilge - na hirisí agus an teilifís, srl. - go mór i bhfabhar go gcuirfí na fógraí seo i dtreo na meáin Gaeilge - na hirisí, an teilifís agus mar sin de - seachas bheith ag tabhairt tuilleadh acmhainní chuig na páipéir móra nuachta nach ndéanann an oiread sin don Ghaeilge. Ba mhaith liom freagra a thabhairt ar an gcruacheist a luadh níos túisce. Dúradh go bhfuil idirbheartaíocht i gceist idir dhá eagraíocht - an Roinn agus eagraíocht X - agus go bhfuil fadhb ann mura ngéilleann eagraíocht X don Roinn ós rud é nach n-éiríonn le Roinn na Gaeltachta mórán a bhaint amach. Nach í sin an tuairim? Ar ndóigh, an rud a bhí taobh thiar den choincheap seo ar fad ná go raibh páirtí amháin - an Rialtas - a bhí níos treise ná eagraíocht X agus mura raibh an eagraíocht sin ag teacht suas go dtí caighdeáin na Roinne, gheobhadh sé treoir ó bhord an Rialtais ag rá "tough, déan é, end of story".

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.