Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:45 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

D'fhéadfaí féachaint air sin. Is dóigh gur b'in ceist dóibh atá ag ullmhú na reachtaíochta seo. Glacaim leis an méid atá an Teachta ag rá sa mhéid is go bhfuil difear idir Ráth Chairn agus Gaeltacht na Gaillimhe, mar shampla, ó thaobh iarratais pleanála. Ag an am céanna, ó thaobh Chomhairle Contae na Mí mar shampla, ní fheicim go mbeadh sé dodhéanta go mbeadh sé ar a chumas duine le Gaeilge a chur ar fáil sa rannóg pleanála chun cabhrú le daoine i Ráth Chairn, i mBaile Ghib nó in aon áit eile i gContae na Mí atá ag iarraidh an tseirbhís sin trí Ghaeilge. Sílim go dteastaíonn an chomóntacht sin ó daoine chun go mbeidh an tuiscint ag daoine, nuair a théann siad isteach in oifig Stáit atá ag freastal ar phobal Gaeltachta, gur féidir leo a bheith cinnte gur féidir leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.