Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
5:15 pm
Mr. Rónán Ó Domhnaill:
Tá gá le tuilleadh oibre. Ó thaobh córas ateangaireachta sna cúirteanna, mar is eol dúinn tá an ceart ag duine faoi láthair fianaise a thabhairt sa gcúirt trí Ghaeilge ach ní hin le rá go gcaithfear an cás ar fad a reachtáil trí Ghaeilge. Sa gcás sin úsáidtear ateangaireacht. Rinneadh teagmháil linn roinnt uaireanta faoi dheacrachtaí a bhí ag daoine an ateangaireacht a thuiscint agus faoi cé chomh cinnte cruinn ceart agus a bhí sé den mhéid a bhí le rá. Arís d'fhéadfaí dul i muinín an shéala aistriúcháin, mar shampla, chun cinntiú go mbeadh comóntacht ann agus go mbeadh an tseirbhís ateangaireachta sa gcúirteanna soiléir agus níos foirfe. Sin an cheist a bhí ag an gCathaoirleach, an ea?
No comments