Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 8 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ceisteanna Óige: Díospóireacht
3:00 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Aontaím leis an bhfinné go mór. Ach má tá duine ag obair in earnáil inar bhféadfaí a bheith ag freastal ar daoine ar fud an domhain ar fad, b'fhéidir i gcúrsaí IT, aistriúcháin, dlí nó pé rud, mar a bhí luaite sna cuir i láthair níos luaithe, tá deiseanna ann. Aontáim leis an bhfinné go láidir go bhfuil daoine saghas srianta leis an méid cliant a bheadh ar fáil. Sin iad na pointí faoi leith gur theastaigh uaim soiléiriú a fháil orthu. B'fhéidir go gcuirfidh mé ceist tapa amháin eile. Leis an slua atá sna ranganna leis na finnéithe, an dtéann gach éinne ar aghaidh go dtí an ardteistiméireacht nó an dtéann daoine i dtreo printíseachtaí nó aon rud eile roimh an ardteistiméireacht?
No comments