Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na cuir i láthair agus an t-eolas. Tá brón orm go raibh orm dul amach agus isteach. Bhí ráitis ar an nGaolainn ar siúl sa Dáil. Ní hamháin go mbíonn orainn a bheith dhátheangach ach bíonn orainn a bheith i dhá áit ag an am céanna. Bhí mé abálta éisteacht le roinnt den chruinniú ar an scáileán agus bhí mé anseo do roinnt dó chomh maith. Tá sé soiléir go bhfuil an-chuid béim sna scoileanna ar phointí; ar dul i dtreo coláiste agus, mar a luaigh na finnéithe féin, agus ar chéimeanna a bhaint amach. B'fhéidir nach oireann é sin do gach éinne agus go mbíonn daoine míchompórdach tar éis bliain nó dhó. Gan dabht, tá sé an-deacair bogadh as sin.

Luaigh duine amháin na printíseachtaí. An mbíonn daoine ag féachaint ar roghanna eile seachas an coláiste? Cad é an saghas leagan amach a bhraitheann na finnéithe féin a bheith ar a gcuid oibre amach anseo? An é go mbeidís ag obair in oifig ó 9 a.m. go 5 p.m. nó an é go mbeidís ag teacht agus imeacht go dtí áit cosúil le Baile Átha Cliath? An é go mbeidís ag obair ó bhaile ar an Idirlíon mar a luadh ansin? Cad é an saghas leagan amach ar mhaith leo a bheith ar a gcuid oibre amach anseo? An bhfuil aon tuairim ag éinne?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.