Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Ms Cáit Ní Fhátharta:

Aontaím le Ciarán, ach ceapaim gur seoid é teanga a bhronnadh a duine éigin eile nach bhfuil an teanga sin ó dhúchas acu. Tá beirt scoláire agam sa bhaile agus tá grá acu don Ghaeilge. Tháinig siad gan mórán Gaeilge. Tháinig duine acu as Baile Átha Cliath, áit ina raibh sí ag dul ar Ghaelscoil. Bímid ag caint trí Ghaeilge sa mbaile. Nuair a thagann daoine ar ais chuig an oileán, labhraíonn siad an Ghaeilge ón uair a gcuireann siad cos ar an mbád go dtí go dtéann siad abhaile agus iompaíonn siad ar an mBéarla. Cothaítear grá don Ghaeilge nuair a thagann daoine chuig áit dúchais agus feictear dóibh go bhfuilimid in ann maireachtáil tríd an teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.