Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 8 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ceisteanna Óige: Díospóireacht
3:00 pm
Ms Aoife Nic Giolla Dé:
Sin an rud céanna ar Inis Mór. Tá áiteanna ann a bhíonn an leathanbhanda ag obair ach tá áiteanna eile nach mbíonn. Ní bhíonn na networks a bhíonn daoine ag úsáid ag obair i gcónaí. Bíonn problem leis i gcónaí, go háirithe sa scoil. Tá mise san idirbhliain. Bímid i gcónaí ar ríomhairí le haghaidh obair a dhéanamh. Bímid ag déanamh na cúrsaí agus gach uile rud ar an Idirlíon ach ní bhíonn sé ag obair leath den am. Bíonn sé crua orainn aon obair a dhéanamh mar gheall ar sin.
No comments