Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Ms Aoife Nic Giolla Dé:

A chomhairleoirí, a Theachtaí Dála, a mhúinteoirí agus a chomhscoláirí, ar dtús báire ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh as ucht an chuiridh a thug sibh dúinn, muintir óga na Gaeltachta agus na noileán, teacht anseo inniu, chun ár dtuairimí pearsanta faoi na deiseanna agus na dúshláin a bheidh amach romhainn agus muid ag fágáil na scoile chun aghaidh a thabhairt ar an saol mór, a chur os bhur gcomhair. Aoife Nic Giolla Dé is ainm dom. Táim 15 bliana d’aois agus is scoláire idirbhliana mé ag freastal ar Choláiste Naomh Eoin ar Inis Mór. Beidh mé ag déanamh m’ardteistiméireacht i mí an Mheithimh 2020. Ní féidir é a shéanadh ach gur iomaí deis a chruthaíonn fás aníos ar oileáin Ghaeltachta. De bharr an líon beag scoláirí sna scoileanna, is mór an cúnamh breise a fhaigheann scoláirí ó na múinteoirí sna ranganna agus go ginearálta, agus iad ag ullmhú do scrúduithe. I mo thuairimse, tá an t-ádh dearg orainn freastal ar scoil Ghaelach. Gan chaint, fiú, ar na deiseanna a chruthaíonn líofacht na teanga dúinn sa todhchaí, mar gheall go ndéanann muid ár n-ábhar trí Ghaeilge don ardteistiméireacht, faigheann muid breis pointí freisin, rud a chabhraíonn go mór le scoláirí a rogha cúrsa a fháil san ollscoil.

Tá sé soiléir go gcruthaíonn freastal ar scoileanna oileán Gaeltachta go leor seansanna chun pointí arda a bhaint amach san ardteistiméireacht. Is iomaí dúshlán a chruthaíonn sé freisin. Mar gheall ar an líon beag scoláirí, tá líon beag múinteoirí, agus mar gheall air sin, tá muid ag cailleadh amach ar réimse leathan ábhar, cosúil le rogha teangacha, staidéar clasaiceach, agus na hábhair eile eolaíochta – ceimic, fisic nó fis-ceim – ábhair atá riachtanach dóibh siúd gur mian leo staidéar leighis nó tréidliachta a dhéanamh san ollscoil. Níl sé dodhéanta dóibh na cúrsaí seo a dhéanamh, ach tógann sé bliain nó dhó níos faide ná mar is gnáth.

Dúshláin mór a bheidh romham go pearsanta, agus mé ag tabhairt aghaidh ar an ollscoil ná an spórt. Tá an-suim agam sa spórt, go háirithe sna cluichí Gaelacha, ach mar gheall nach bhfuil a dhóthain béime ar spórt sa scoil nó a dhóthain cailíní anseo chun foireann a bheith ann, níl an seans agam na cluichí sin a imirt. Tá imní orm nach mbeidh an caighdeán céanna scileanna agam is a bheidh acu siúd atá ag imirt le clubanna ó bhí siad ina bpáistí óga, rud a d’fhéadfadh stop a chur liom áit a fháil ar fhoireann. Dúshláin iad seo a chruthaíonn an scoil agus an áit chónaithe atá agam dom.

Imní eile atá agam agus mé ag tabhairt aghaidh ar an ollscoil, ná an líon daoine a bheidh thart orm. Beidh mé ag suí isteach ar léachtaí le níos mó daoine ná mar atá ag pobal an oileáin féin.

Ba maith liom buíochas a ghlacadh libh as ucht éisteacht liom inniu. Sin é atá le rá agam. Go raibh maith agaibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.