Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Mr. Michael Ó Coinceanainn:

A Chathaoirligh agus a chomhaltaí comhchoiste, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh libh as an gcuireadh a thug sibh dom teacht in bhur dteannta inniu. Is mise Michael Ó Coinceanainn, scoláire ardteistiméireachta ó Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin. Is as Inis Meáin ó dhúchas mé agus is ann a fuair mé m’oideachas ar fad go dtí seo, agus beidh sé sin ag teacht chun críche i mí an Mheitheamh seo chugainn nuair a shuífidh mé m’ardteistiméireacht. Is dócha nár chuimhnigh mé mórán faoi mo shaol tar éis na scoile go dtí seo, ach le tamall anuas, rith sé liom gur beag duine a thagann ó cheantair iargúlta cosúil liomsa a mbíonn deis cónaí acu ina gceantar áitiúla tar éis na scoile. Is aisteach an ráiteas a rá go dtagann deireadh le do mhaireachtáil bhuan i do cheantar áitiúil le críoch na scoile, ach tá sé sin fíor, go mór mór má chónaíonn tú ar oileán.

Ceann de na dúshláin is mó a fheicim ná go bhfuil muid ag fáil oideachas chun ár gceantair iargúlta a fhágáil. Tá oideachas den scoth faighte agamsa i gColáiste Naomh Eoin, in Inis Meáin agus tá a fhios agam go mbeidh mé ag dul chuig an tríú leibhéal, go cinnte. Tá mé réidh faoina chomhair seo agus beidh fáilte agam roimh an deis. Osclaíonn taisteal na súile agus is cinnte déanfaidh sé an-leas dom an saol mór a bhlaiseadh, ach an b’shin le rá, go bhfuil cinneadh indíreach déanta agam slán a fhágáil leis an mbaile ar feadh formhór mo shaoil, ar a laghad go rachaidh mé ar scor?

Tá doimhneacht níos mó ag baint le críochnú scolaíochta ar oileán mar dá mbeinn i mo chónaí i gcathair, nó ar a laghad an bóthar a bheith faoi mo chos, bheadh deis agam oibriú ó bhaile i mbeagnach gach gairm, ach i ndáiríre, ar oileán tá tú fíor-theoranta, agus le hoideachas tagann bánú pobail. Ní féidir liom a bheith ag súil le maireachtáil chompordach a dhéanamh i ngairmeacha éagsúla sa mhodh traidisiúnta mura dtagann feabhas ar chúrsaí leathanbhanda agus mé a bheith nuálach i mo ghnó. Is minic a chasaim le daoine a deir gur bhreá leo cónaí ar na hoileáin dá mbeadh fostaíocht ann. Ag deireadh an lae réitítear sna scoileanna muid le bheith ullamh don saol mór ach is réiteach uilíoch é seo, rud a fhágann nach bhfuiltear ag díriú isteach ar chur leis an saol atá againn cheana ar an oileán. Tá feirm againn féin sa bhaile agus ba bhreá liomsa a bheith in ann leanúint leis an bhfeirmeoireacht, chomh maith le slí bheatha a bhaint amach dom féin, i mo rogha gairme, tar éis mo chuid scolaíochta. Níor chóir go mbeadh gá dom mo dhroim a iompú agus rogha a dhéanamh idir an saol atá agam agus na féidearthachtaí nua amach romham.

Ní leor deacrachtaí nó dúshláin a aithint gan réiteach na faidhbe a bheith taobh leis. Teastaíonn pleanáil fhadtéarmach do cheantair bheaga iargúlta ar nós na n-oileán, chun a chinntiú go mbeidh gach plean agus polasaí stáit ag tacú leis na pobail bheaga seo, mar, gan an óige, ní mhairfidh siad i bhfad. Teastaíonn tacaíocht sna scoileanna go mbeidh siad in ann cabhrú le scoláirí roghanna cliste a dhéanamh maidir leis an gcoláiste, go mbeidh féidearthachtaí ann dóibh cónaí ina gceantair áitiúla tar éis a gcuid oideachais. Bheadh uaireanta breise múinteoireachta lena n-úsáid le gairmthreoir an-úsáideach, mar faoi láthair bíonn an oiread brú ar scoileanna beaga nach mbíonn ach rang sa tseachtain againn go minic le múinteoir nach bhfuil cáilithe, fiú. Is é an leathanbhanda a cheanglaíonn an saol mór agus nuair atá tú lonnaithe ar oileán, tá an ceangal sin rí-thábhachtach. Teastaíonn an tseirbhís seo a neartú chuig caighdeán fíor-mhaith chun go mbeidh muid in ann iomaíocht a dhéanamh ar bhonn domhanda. Ceapaim go bhfuil ról lárnach ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chomh maith le hÚdarás na Gaeltachta i gcaomhnú agus i dtacú le pobail ar oileáin. Caithfear pleanáil fhadtéarmach a dhearadh chun pobail a choinneáil ar na hoileáin, chun a bheith féinchothaithe agus a bheith in ann slí mhaireachtála a bhaint amach. Teastaíonn cuirí, fostaíocht agus baoití airgidis le go mbeidh an deis chéanna ag na hoileánaigh óga a fhanann ag baile is atá acu siúd a thagann ón tír mhór.

Is seoid iad na hoileáin ar fiú na milliúin euro iad mar bhranda don Státchiste chuile bhliain. Is iad na daoine óga dóchas agus todhchaí pobail agus faoi láthair gan aon infheistíocht ná pleanáil leagtha síos, ní bhíonn deis ag daoine óga fanacht ar na hoileáin. Beidh ormsa imeacht i Meán Fómhair 2018 agus ba mhaith liom filleadh tar éis mo chuid staidéir, agus deis a bheith agam mo ghairm a chleachtadh ar an oileán ach, idir an dá línn, teastaíonn ó na Ranna éagsúla Rialtais gníomhú ar an tuiscint go dteastaíonn polasaí ar leith chun oileáin na hÉireann a bheith inmharthana. Ba mhaith liomsa nach é mo chinniúint Inis Meáin a fhágáil go fadtéarmach, mar sin fágaim mo chás i lámha an Stáit. Go raibh maith agaibh

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.