Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Mr. Dara Ó Maoileáin:

Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as an gcuireadh a tugadh dom labhairt anseo inniu. Tá mé sa chúigiú bliain i gColáiste Ghobnait ar Inis Oírr. Sna blianta amach romhainn, is cinnte go bhfuil an-deis againn an saol a bheith ar ár gcomhairle féin againn de bharr an sároideachais a fuair muid ag an mbunscoil agus atá á fháil againn ag an meánscoil in Inis Oírr, má éiríonn linn dul i ngleic leis na deacrachtaí atá luaithe ag mo chairde. Tuigeann muid agus muid an-óg ag an bpointe seo go bhfuil seans ann nach rachaidh muid ar ais go hInis Oírr inár saol oibre. B'fhéidir nach bhfuil sé sin fíor, nó an bhfuil? San am atá caite, ní raibh ann ach iascaireacht, feirmeoireacht agus b'fhéidir roinnt oibre le turasóirí ach tá rudaí ag athrú. Is cinnte gur cheart dúinn a bheith ag smaoineamh go domhain ar seo agus ar na roghanna a dhéanann muid sa chuid eile dár n-oideachas.

Tá dúshlán anseo do scoláirí an oileáin. An mhí seo caite, mar shampla, bhí ceardlann ghairme ar an mórthír ach níor éirigh le aon duine do scoláirí Choláiste Ghobnait dul ann mar go raibh sé ar siúl idir 5 a chlog agus 8 a chlog sa tráthnóna. Chiallódh sé seo oíche i lóistín ar an mórthír agus leathlá scoile a chailleadh an lár dár gcionn. Bhí scoláirí na mórthíre in ann freastal ar an gceardlann, ach bheadh costas sa bhreis agus €100 ar scoláire ón oileán dul ann. Is léir go bhfuil gá níos mó ná riamh le seirbhísí gairme do dhaoine óga ar na hoileáin. Tá an tsochaí ag athrú agus chuile sheans go mbeidh deiseanna nua ar na hoileáin ag eascairt as athrú aeráide agus an gá atá le fuinneamh inathnuaite. B'fhéidir go mbeidh gá le heolaithe, innealtóirí agus fiontraithe chun buntáiste a bhaint as na deiseanna seo. Tá láidreachtaí ag na hoileáin maidir le acmhainní nádúrtha agus ról nua maidir le caomhnú agus eolaíocht na timpeallachta. Beidh turasóirí ag tarraingt i gcónaí ar na hoileáin ach is gá díriú ar thurasóireacht d'ardchaighdeán cultúrtha a fhorbairt.

Teastaíonn daoine le fís agus ardchaighdeán oideachais chun é seo a bhaint amach. Ar ndóigh, tá deiseanna iontacha maidir le caomhnú agus buanú na teanga, táirgí teanga cosúil le háiseanna aistriúcháin agus eile, na healaíona agus deiseanna go leor bunaithe ar an láidreacht dúchasach atá againn, an Ghaeilge. Tá súil agam go mbeidh áiseanna fiontraíochta ar fáil ar na hoileáin cosúil le moil dhigiteacha agus go mbeidh deis againne filleadh ar ais ar hInis Oírr agus obair fhiúntach a bheith againn ar na hoileáin sna blianta amach romhainn. Ní tharlóidh sé sin gan chabhair. Tá bhur gcabhair de dhíth orainn.

Mar fhocal scoir, teastaíonn cúnamh ó na hiarbhunscoileanna ar na hoileáin. Tá aos óg Inis Oírr agus na n-oileán ar fad ag brath oraibh. Tá Inis Oírr aitheanta mar cheann de na háiteanna is speisialta ar domhan faoin gclár, Living Communities of The World. Mar sin, is daoine óga cosúil le Muireann, Michéala agus mise a thabharfaidh an oidhreacht sin ar aghaidh. Is fiú an infheistíocht sin muidne, nach fiú?

Glacaim buíochas libh as an deis a thabhairt dom labhairt anseo inniu. Go raibh maith agaibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.