Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Ms Caoimhe Ní Bhaoilláin:

Ba mhaith liom buíochas mór a ghabháil leis an gcoiste as ucht an chuiridh seo. Tá áthas an domhain ar dhaltaí Gaelcholáiste Reachrann bheith i láthair ag an ócáid seo i dTithe an Oireachtais. Táim anseo chun na deiseanna atá ag lucht fágála na scoile a phlé. Feictear dom ón taighde atá déanta agam ar an ábhar seo go bhfuil an saol ar mo thoil agam. Tá réimse leathan deiseanna ann do dhaoine óga sa lá atá inniu ann. Tugann na scéimeanna DARE agus HEAR comhionannas don phobal mar bhealach chun dul ar aghaidh go dtí oideachas tríú leibhéal. Tugann DARE cúnamh dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu san oideachas dara leibhéal. Fiú mura sroicheann na daoine seo neart pointí chun na cúrsaí atá roghnaithe acu a dhéanamh sa choláiste, bíonn seans acu faoi na scéimeanna seo na cúrsaí sin a dhéanamh. Tá DARE ar fáil dóibh siúd atá faoi bhun 23 bliana d'aois. Is scéim coláiste agus ollscoile é HEAR a thugann áiteanna sa choláiste do mhic léinn nach fuair neart pointí chun na cúrsaí a roghnaíodar a dhéanamh de bharr cúlra socheacnamaíoch faoi mhíbhuntáiste a bheith acu. Cruthaíodh HEAR toisc go bhfuil fianaise ann go mbíonn drochthionchar ag an mbochtanas ar cé chomh maith is a n-éiríonn le daltaí atá ag iarraidh bheith ábalta freastal ar an ollscoil. Léiríonn sé seo dom go bhfuil deiseanna ag gach cineál aicme in Éirinn agus go bhfuil comhionannas curtha i bhfeidhm go mór thar na blianta. Mar dhalta scoile, is rud fíordhóchasach dom é seo a chloisteáil.

Tá níos mó rogha de chúrsaí ar fáil do mhic léinn na laethanta seo. Tá líon na mic léinn atá ag freastal ar ollscoileanna ag ardú le roinnt blianta anuas. Mar shampla, d'fhreastail 39,915 scoláire ar an ollscoil sa bhliain 2007, ach bhí an uimhir seo ardaithe go dtí 50,000 faoin mbliain 2017. Léiríonn sé seo gur mhéadaigh líon na ndaltaí a fuair tairiscintí áite do chúrsaí tríú leibhéal thar tréimhse deich mbliana. Leagtar an-bhéim ar oideachas tríú leibhéal. Tuigtear do dhaltaí meánscoile go bhfuil gá le hoideachas tríú leibhéal le post a bhaint amach. Tá athrú an-mhór tagtha ó am á dtuismitheoirí, nuair a bhíodh réimse leathan fostaíochta ar fáil i go leor earnáil dóibh siúd nach raibh oideachas tríú leibhéal acu. Teastaíonn ó go leor daltaí meánscoile freastal ar choláistí tríú leibhéal agus céim nó iarchéim a bhaint amach. Cuireann an t-éileamh chun freastal ar an ollscoil níos mó roghanna ar fáil do mhic léinn. Rinne 57,929 dalta an ardteistiméireacht sa bhliain 2015 agus ardú de 1.6% a bhí ansin ón bhliain 2014. Tá an uimhir sin fós ag méadú go bliantúil. Mura bhfaigheann dalta an méid áirithe pointe atá ag teastáil chun an cúrsa atá roghnaithe aige nó aici a bhaint amach, bíonn slite éagsúla fós ann inar féidir leo an sprioc sin a bhaint amach. Mar shampla, is féidir le daltaí cúrsaí iar-ardteistiméireachta, nó PLC, a dhéanamh ionas gur féidir leo bogadh ar aghaidh go dtí leibhéal oideachais níos airde. Maireann cúrsaí iar-ardteistiméireachta ar feadh bliain nó dhó. Ceapaim gur mhodh iontach atá iontu chun brú agus strus na ndaltaí a laghdú.

Tá an t-ádh le daltaí go mbíonn siad ábalta taisteal thar lear chun oideachas tríú leibhéal a fháil, mar shampla tríd an scéim Erasmus. Bíonn seans iontach ag mic léinn a dhéanann Erasmus forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna cumarsáide agus teanga agus iad thar sáile. Bailíonn siad níos mó eolais ó na tíortha sin agus faigheann siad léargas ar chultúir agus caithimh aimsire na bundúchasaigh. Maireann Erasmus idir dhá mhí agus bliain. Tá sé coitianta go dtéann daltaí go dtí cathracha ar nós Búdaipeist, Sevilla agus Barcelona ar Erasmus. Má theastaíonn uaim céim a bhaint amach i dteangacha nuair atá mé ag freastal ar an gcoláiste, beidh suim agam Erasmus a dhéanamh.

Deirtear linn go bhfuil borradh faoin ngeilleagar sa tír álainn seo arís. Is léir go bhfuil an ráta dífhostaithe ag laghdú go mór le cúpla bliain anuas. Sa bhliain 2008, bhí 14.5% den daonra dífhostaithe, ach tá ráta dífhostaíochta de 6.1% againn lá atá inniu ann. Tá méadú de 2.5% tagtha ar ghnáthphá sa tír seo agus is é sin an t-ardú is airde ó bhí an cúlú eacnamaíochta ann. Tá 75% de chomhlachtaí Briotanacha tar éis a rá go n-úsáidfidh siad an tír seo mar chúldoras chun gnó a dhéanamh leis an AE tar éis na Breatimeachta. Cruthóidh sé seo roinnt mhaith poist in Éirinn sa tionscal seirbhísí airgeadais toisc go bhfuil lucht saothair maith sa tír seo, le hoideachas den tsaghas seo acu. Tá éileamh ar Bhaile Átha Cliath mar chathair atá ag dul chun cinn ó thaobh an tionscal seirbhísí airgeadais de. Faoi láthair, tá sé sa 30ú áit ó thaobh an tionscal seo. Roghnaíodh Baile Átha Cliath, Shanghai, Singeapór agus Frankfurt i measc an 15 ceantar a táthar ag súil go mbeidh siad níos suntasaí ó thaobh an gnó de sa todhchaí. Mar dhalta meánscoile, tá mé sásta go bhfuil an-chuid deiseanna i gceist do scoláirí a bheidh ag iarraidh poist a fháil sa réimse gnó sna blianta amach romhainn. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht a gcomhoibriú agus as éisteacht liom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.