Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Mr. Caobhán Ó Maoláin:

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gcoiste as an seans seo a thabhairt dom agus do mo chairde plé á dhéanamh anseo ar na deiseanna agus na dúshláin atá amach romhainn agus muid ag fágáil slán le hoideachas dara leibhéal i gceann bliain nó dhó.. Is as Inis Mór dom agus tá mé ag freastal ar Choláiste Naomh Éinne in Inis Mór. Tá mé sa chúigiú bliain faoi láthair agus beidh mé ag déanamh an ardteistiméireacht i 2019.

Is iontach an rud é go mbíonn fonn ar an gcuid is mó de dhaoine óga a thosaíonn oideachas dara leibhéal é a chríochnú agus ardteistiméireacht mhaith a bhaint amach. Sna blianta atá caite, is iomaí cailíní agus buachaillí óga a bhí cliste agus éirimiúil a d'fhág an scoil go luath. Chuaigh siad ar imirce nó ag obair ag aois óga mar gheall nár fhaca siad aon bhuntáiste leanacht ar aghaidh lena gcuid oideachais. I gcásanna eile, ní raibh siad ag iarraidh leanacht ar aghaidh le saol an oideachais mar nach mbeadh na hacmhainní ag a gcuid tuismitheoirí íoc air. Ní mar sin atá anois agus fórmhór na ndaoine óga ag freastal ar chúrsaí tríú leibhéal nó ar chúrsaí oiliúna a thugann an-deiseanna dóibh agus an-seansanna slí mhaith mhaireachtála a bhaint amach ina dtír féin más mian leo fanacht.

Ar ndóigh, sula bhfaigheann aon duine seans tosnú ar shaol neamhspleách an scoláire tríú leibhéal, tá dúshlán mór roimhe nó roimpi, is é sin, déanamh go maith i scrúdú na hardteistiméireachta. Táimid ar fad ag súil leis na seansanna a thabharfaidh coláiste tríú leibhéal dúinn.

Beidh seans againn go leor cairde nua a dhéanamh a bhfuil suim acu sna rudaí céanna linn féin. B'fhéidir go mbeimid in ann gnéithe den saol nár chleacht muid go dtí seo a chur ar ár súile dúinn. Is difríocht mhór é seo, go mórmhór dúinn atá ag teacht ó scoileanna beaga. Níl ach 56 scoláire i mo scoil féin, mar shampla. Tá neart roghanna ann anois don duine óg. Tá cúrsaí ar fáil a fheileann gach té ar a gcuid cumais agus ar na gnéithe a bhfuil suim aige nó aici iontu. Tá na céadta sochaí agus clubanna ann le haghaidh gach duine freisin. Tá scoláirí tríú leibhéal in ann bualadh le daoine nua agus a bheith páirteach i bpobal na hollscoile. Tá siad in ann triail a bhaint as spóirt nua nach raibh teacht acu orthu ina scoileanna beaga oileáin. Tá deis ag scoláirí tríú leibhéal teangacha nua a fhoghlaim. Tá cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge dóibh siúd gur mhian leo fanacht lena dteanga dhúchais.

Bíonn dhá insint ar gach scéal, áfach. Tá cúpla bac atá in ann moill a chur orainn freisin. Creidim go gcuireann scrúdú na hardteistiméireachta agus córas na bpointí mar atá sé an-strus ar dhaoine óga. Tógann sé seo ón taitneamh atá le baint as saol na scoile. Creidim freisin go gcuireann an córas mar atá sé bac ar fhéinfhorbairt an duine óig. Tá mé ag smaoineamh go háirithe ar an mhéid ama a chaitear ag foghlaim rudaí de ghlanmheabhair. Ba cheart breathnú ar mhodhanna eile le meastóireacht a dhéanamh ar obair an scoláire. Tá an scéim pointe an-chrua ar scoláirí a chailleann amach ar chúrsaí le pointe nó dhó tar éis iarracht mhór a chur isteach. Tá go leor éilimh ar lóistín agus tá seans nach mbeidh lóistín ar fáil ar phraghas réasúnta nuair atáimid ag iarraidh dul ar an gcoláiste. Tá sé fíordheacair ar scoláirí atá ina gcónaí ar oileáin filleadh ar ais sa bhaile gach deireadh seachtaine, go háirithe sa gheimhreadh. Tá brú cuirtear orainn an cúrsa ceart a phiocadh mar gheall má phiocaimid cúrsa nach maith linn tá sé intuigthe go gcaithimid fanacht leis an gcúrsa sin ar feadh trí nó cheithre bliana. Tá sé deacair an cúrsa ceart a phiocadh agus ní cead an rogha a athrú tar éis na hardteistiméireachta tríd an gcóras CAO. Gabhaim buíochas leis an gcoiste arís as an deis seo a thabhairt dom a bheith in ann caint faoi na deiseanna agus na baic a bheidh ag lucht fágála na scoile idir 2018 agus 2020.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.