Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Mr. Ciarán Ó Flaithearta:

Dia daoibh, a Theachtaí Dála agus a chomhairleoirí. Is mise Ciarán Ó Flaithearta. Tá mé i mo chónaí ar Inis Mór, sna hOileáin Árann, i nGaillimh. Tá mé ag freastal ar Choláiste Naomh Éinne ar an oileán. Tá mé chun labhairt faoi na buntáistí, na míbhuntáistí agus na deacrachtaí a bhíonn ag daoine óga ag dul chuig an gcoláiste agus ag fágáil an oileáin sna blianta beaga seo amach romhainn.

Ar dtús báire is focal an-tábhachtach é an focal "fágáil" mar is é sin go díreach a bheidh á dhéanamh. Más ag dul ag coláiste nó ag tóraíocht oibre atá muid, beidh orainn an baile a fhágáil agus bogadh amach ar an mórthír. Chun é seo a dhéanamh, beidh orainn taisteal. Chun taisteal, beidh orainn bád nó eitleán a fháil, agus bus nó carr. Tá difríocht iontach mór idir an chaoi a mhaireann muintir na n-oileán i gcomparáid le muintir na mórthíre. Ní féidir linn léim isteach sa charr agus tiomáint cibé áit atá muid ag iarraidh. Le taisteal ó na hoileáin, tógann sé pleanáil, mar go hiondúil, caithfear an aimsir a chur san áireamh. Anseo, i mBaile Átha Cliath, tá seirbhísí DART, Luas, bus, traenach, taxi a fhágann chuile deich nó 15 nóiméad. Ar na hoileáin, tá bád faoi dhó sa lá, agus plane, ar maidin ag a 8 agus tráthnóna ag a 6. Bí ann nó bí as.

Ní thagann scoláirí abhaile gach uile deireadh seachtaine ón gcoláiste mar gheall ar an méid taistil atá i gceist agus ar ndóigh an costas freisin. Tar éis dóibh, mar shampla, bus a fháil ó Ollscoil Luimnigh isteach ag stáisiún na gcathrach i Luimneach agus traen a fháil ó sin go Gaillimh, beidh orthu bus a fháil ó chathair na Gaillimhe siar go calafort Ros a Mhíl chun bád a fháil chuig na hoileáin. Faoin am a bhíonn said sa bhaile tar éis an taisteal mór fada sin, bíonn orthu iompú ar a sháile an lá dar gcionn agus a bhealach ar ais go Luimneach a dhéanamh. Ní fiú é. Bíonn orthu lóistín a fháil fresin ar an mórthír mar go bhfuil an teaghlach ar fad ar an oileán agus is fadhb mór é sin.

Is iad ceann de na buntáistí ar an oileán ná nach mbíonn mórán coiriúlachta againn mar gheall go bhfuil aithne ag gach uile dhuine ar a chéile, ach is mí-bhúntáiste é nuair atá muid ar an mórthír mar bíonn daoine saonta maidir leis an baol atá ar an mórthír.

I dtaobh spóirt de, bíonn orainn taisteal chuig Gaillimh mar gheall nach bhfuil na huimhreacha againn do foireann, nó rogha spóirt, nó na háiseanna. Faoi láthair níl foireann peil ag na haois ghrupaí ón chéad bhliain suas go dtí an séú bliain mar níl na huimhreachaí ann. Tá daoine atá ag iarraidh imirt, ag imirt leis an Spidéal a bhíonn siad agus tá cailín ag imirt do Bhearna. Níl ach rogha beag de na spóirteanna ar an oileán. Tá triúr, mé féin san áireamh, ag taisteal go Gaillimh dhá uair sa seachtain chun rugbaí a imirt. Is buntáiste mór é nuair a théann muid chuig an choláiste mar bíonn muid in ann spóirt éagsúla a thriail ach b'fhéidir go bhfuil sé ró-dhéanach le haghaidh sin.

Téann daoine ón oilean chuig coláiste le Ghaeilge den scoth idir baile agus an scoil. Bíonn gach uile ábhar á múineadh tríd mheán na Gaeilge agus is tréithe í, a bhíonn suim ag fostóirí ann. Mar shampla, nuair a bhí mo dheartháir ar champas, an chéad lá ag an gcoláiste, d’iarr an treoraí dó, cárbh as é. As Árainn, a d’inis sé dó, agus an freagra a thug sé air ná, má tá Gaeilge agat beidh jab agat gan stró nuair a fhágann tú an choláiste.

Bíonn ardteist iontach ag daoine ón scoil seo mar gheall go bhfuil ranganna chomh beag againn, ach freisin tuigeann na múinteoirí an riachtanais foghlama a bhíonn ag daltaí. Bíonn níos mó muinín ag daoine astu féin. Ach, tá an t-oideachas ró-mhaith ar bhealach mar níl na hiarscoláirí ag teacht ar ais mar níl na postanna le fáil ar an oileán do na cáilíocht atá acu.

Is rud íontach a bheith ón oileán ach bíonn go leor ag dul in ár n-aghaidh agus cuireann muid fáilte roimh gach cúnamh a thugtar dúinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.