Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Ms Córa Ní Chonghaile:

A Chathaoirligh agus a chomhaltaí comhchoiste, is mise Córa Ní Chonghaile, scoláire Ardteiste ó Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin ar Oileain Árann. Táim an-bhuíoch as an deis seo a bronnadh orm agus is mór an onóir dom mo smaointe ar an ábhar seo a roinnt libh.

Tá cáil ar Éire na naomh agus na n-ollamh leis na cianta agus aithnítear go bhfuil córas oideachais d'ardchaighdeán againn sa tír seo. Bíonn muid ag caint ar mheasúnú rialta a dhéanamh ar dhaltaí mar an bealach chun cinn sa chóras oideachais nua-aimseartha agus is cinnte leis an teastas sóisearach nua tá tús curtha leis seo. É sin ráite cad iad na deiseanna atá romhamsa ag fágáil na scoile dom i mbliana? Mar scoláire Éireannach, tá áthas ormsa a rá go bhfuil an oiread féidearthachtaí ar fáil do gach scoláire sa tír seo agus iad ag fágáil na scoile. Tá cúrsa ann do chuile dhuine agus mura bhfaigheann tú na pointí atá uait, ní hé sin deireadh an rása. Tá an doras cúil thar cionn sa tír seo. Tá rogha mór leathan cúrsaí tar éis na hardteistiméireachta, nó PLCs mar a thugtar orthu, ar fáil do gach mac máthar. Tá cúrsaí rochtana ar oideachas dá rith ag na hollscoileanna dóibh siúd ó chúlraí míbhuntáiste. Don té nach mbíonn fonn orthu dul ag an gcoláiste láithreach, bíonn deis acu filleadh ar oideachas mar scoláirí aibí ag 23, is cuma mura raibh an ardteistiméireacht déanta agat fiú, agus freisin, má bhí tú dífhostaithe agus ag fáil liúntas leasa shóisialaigh. Caithfidh sibh aontú nach bhfuil mórán tíortha sa domhan chomh tiomanta sin d’oideachas. Is iomaí dúshlán agus deacracht a bhíonn ag faire ar dhaoine óga ag an am leochaileach seo dá saol. Is cuma cén áit sa tír as a dtagann tú, níl dabht ar bith nach bhfuil fadhb na tithíochta mar chrá náisiúnta.

Ach ní hé sin le rá gur aoibhinn beatha an scoláire agus nach bhfuil dúshláin romhainn. Aithníonn mise an easpa tithíochta mar cheann de na dúshláin is mó atá roimh dhaoine óga i láthair na huaire agus na blianta amach romhainn. Tá géarchéim náisiúnta tithíochta againn, tá sé chomh simplí leis sin. Ní féidir Éire a lua anois gan géarchéim tithíochta a bheith san abairt chéanna. Ní féidir breathnú ar an teilifís nó ar d'fhón gan duine éigin a bheith ag clamhsán faoin easpa tithíochta, lánúin nach féidir leo tithe a cheannach, daoine fásta ina gcónaí lena dtuismitheoirí ag iarraidh a bheith ag sábháil le haghaidh éarlais tí, iad siúd gan dídean agus praghas tí ar cíos imithe go dtí an gealach. Lena bheith fírinneach, a dhaoine uaisle, is beag suim a chuir mise sna cúrsaí seo go dtí i mbliana.

Chuaigh mo dheirfiúr chuig coláiste i nGaillimh agus bhí deacracht mhór aici lóistín a fháil. Shíl mise nach raibh le déanamh agat ach seomra singil a bhualadh isteach ar daft.ieagus go mbeadh do rogha agat. Ní mar sin atá an scéal ar chor ar bith. Tá géarchéim ann, easpa tithíochta agus, ar ndóigh, scoláirí ar bhun an liosta agus tionónta dá roghnú. D’fhógair tuairisc a d’eisigh daft.iegur ardaigh cíos 2.4% go náisiúnta sa trí mhí dheiridh de 2017 agus go bhfuil cíos náisiúnta suas 10.4% i gcomparáid leis an am seo anuraidh. De réir na tuairisce seo freisin, is i Liatroim agus i nDún na nGall an praghas is ísle le haghaidh cíosa, ar an meán, agus is i mBaile Átha Cliath is airde atá an cíos. Is go Gaillimh a bhéas mo thriall i Meán Fómhair agus de réir na dtuairiscí chuaigh an cíos suas go mór sa chontae seo. Aithnítear cathair na Gaillimhe mar cheantar le brú cíosa, ach fós féin, níl teorainn leis an gcíos.

Ní haon rud nua daoibh mo scéal inniu, fadhb náisiúnta í an fhadhb tithíochta. Do m’aois ghrúpa, tráth, ní raibh imní faoi thithíocht ort chomh luath seo. Fuair tú teach ar cíos agus bhain tú sásamh as do laethanta ag an gcoláiste. Ach anois, tá déagóirí beagnach liath roimh an am, agus gan cos sa choláiste acu, ag tóraíocht áras dóibh féin. Tá saol an duine fásta ar leac an dorais láithreach. Tá sé nádúrtha i go leor tíortha do theach a thógáil ar cíos go deo, ach in Éirinn cuirtear an-bhéim ar do theach féin a bheith agat. Tagann sé seo chugainn, is dócha, mar oidhreacht ón stair, an gá úinéireachta a bheith agat sular dtógtar uait é. Níl an tionscail tógála ag díriú ar an margadh cíosa.

Céard é an réiteach ar an scéal seo? Níl dabht ar bith ach go mbeidh mise agus scoláirí na tíre seo sáite go feirc sa rás seo as seo go dtí Meán Fómhair 2018, agus go deimhin in 2019 agus 2020 chomh maith. Níl leigheas láithreach ar an scéal agus is dócha go bhfuil céimeanna gur féidir leis an Rialtas a thógáil chun an fhadhb seo a réiteach, nó ar a laghad a mhaolú. Tá sé i bhfad níos éasca do sheomra a ligean go gearrthéarmach ar Airbnb ná a scaoileadh go fadtéarmach. Tá go leor téip dhearg ag cur bac ar ligean. Idir na1930aí agus na 1980aí tógadh ceathrú milliún teach sóisialta. Caithfear filleadh ar an modh soláthair seo chun freastal orthu siúd a bhfuil cabhair tithíocht tuillte acu, ach atá in iomaíocht le scoláirí agus daoine óga eile faoi láthair, de bharr easpa tithe sóisialta sa ghnáthmhargadh. Teastaíonn an éarlais 20% dóibh siúd atá ag iarraidh an dara teach a cheannach a ísliú. Bhí sé de ghnáth ag daoine a raibh sé d’acmhainn acu an dara teach a cheannach le ligean, agus ba iad scoláirí na tíre a d’íoc as na tithe seo. Infheistíocht a bhí ann, ach faoi láthair leis an éarlais ard, níl daoine ag ceannach an dara teach le ligean ar cíos. Teastaíonn a chinntiú go bhfuil baoite éigin chun teach a ligean le scoláirí, is daoine óga aibí críonna muid agus ní ciseach a bheidh dá bharr. Bheadh sé go maith dá mbeadh liosta lóistín ag na coláistí tríú leibhéal agus aontú acu le húinéirí go mbeadh na tithe seo ar fáil do scoláirí amháin le linn thréimhse an choláiste.

A Chathaoirligh agus a bhaill comhchoiste, deirtear gur iad do bhlianta scoile na laethanta is fearr i do shaol agus níl dabht ar bith ormsa leis an neamhspleáchas a thagann le saol an choláiste go bhfuil na laethanta is fearr amach romham, agus is cinnte tá ó thaobh roghanna agus fáil ar oideachas. Ach leis an easpa tithíochta atá sa tír seo faoi láthair, tá sé deacair gan imní a bheith orm. Nuair a chónaíonn tú ar oileán níl an bóthar faoi do chos agus beidh ort an baile a fhágáil. An mbeidh teach le fáil agam? Sin í an cheist agus má bhíonn, ar cén costas agus cén caighdeán? Táim buíoch as an deis seo agus táim cinnte go dtógfadh sibh ar bord a bhfuil ráite agam agus go mbeidh sibh gníomhach ar an dúshlán seo. Go raibh mile maith agaibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.