Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Ms Muireann Ní Fhlatharta:

A Chathaoirligh agus a chomhaltaí comhchoiste, ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh as ucht an chuiridh a thug sibh dom teacht i bhur láthair inniu. Is mise Mairéad Ni Fháthartha, scoláire as bliain a cúig i gColáiste Ghobnait, Inis Oírr agus is de bhunadh Inis Oírr mé.

Tréaslaím libh as na forbairtí tábhachtacha atá déanta le blianta beaga anuas ar an soláthar oideachais iar-bhunscoile ar Oileáin Árann. Tús maith leath na hoibre agus is cinnte go bhfuil mise agus mo chairde ó Choláiste Ghobnait in Inis Oírr tar éis buntáiste ollmhór a fháil ón deis a bhí againn fás suas ar oileán agus ár gcuid oideachas luath-óige a fháil ar oileán. Thar aon rud eile, ba mhaith linn go mbeadh an deis sin ag chuile ghasúr a fhásann suas ar oileán agus go mbeidh na tacaíochtaí atá ag chuile ghasúr eile sa tír ar fáil ar Inis Oírr. Tús maith leath na hoibre sa saol, agus cé go bhfuil mise ag cur síos ar na buntáistí ar fad a bhaineann le hoideachas ar oileán, beidh Michéala ag cur síos ar na constaicí agus ar na baic atá ann freisin, agus beidh Dara ag cur síos ar an bhfís atá againn faoi na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann dúinn amach anseo dá mbeadh muid ag iarradh filleadh ar ais ar ár n-áit dúchais, Inis Oírr, chun slí beatha fhiúntach a bhaint amach.

Is treise nádúr ná oiliúint ach tá an t-ádh linn gur tháinig an dá ghné sin le chéile dúinn, sé sin go bhfuil muid ag fáil ár gcuid oiliúna ag an am seo i lár an nádúir ar Inis Oírr. Ag am cinniúnach agus múnlaitheach in ár saol, tá muid inár gcónaí i mionphobal láidir oileánda i measc ár muintire féin, lárnach sa phobal agus ag cur le saol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha an oileáin agus ag sú isteach na buntáistí ar fad a bhaineann leis sin. Táim cinnte go mbeidh sé sin linn go deo na ndeor agus táim cinnte dearfa de gur timpeallacht shláintiúil é chun daoine cruthaitheacha agus éirimiúla a thógáil. Bíonn tionchar an-mhór ag d’áit dhúchais ar do chuid seansanna amach sa saol, agus dá bhrí sin má éiríonn linn an ceann is fearr a fháil ar na baic atá romhainn, éireoidh go breá linn.

Ba mhaith liom, tar éis an méid sin, meabhrú daoibh cén fáth go bhfuil sé tábhachtach chuile thacaíocht a fháil ó Rialtas na hÉireann do na scoileanna ar na hoileáin agus go mórmhór do na hiar-bhunscoileanna ar na hoileáin Ghaeltachta. Is iad na scoileanna croílár an phobail agus is iad na hoileáin a bhfuil iar-bhunscoil Ghaeltachta orthu na cinn is sláintiúla sa tír. Tá scoileanna i gcroílár gach pobal, ach go mórmhór ar na hoileáin. Gan na scoileanna, bheadh na hoileáin i mbaol a mbánaithe. Is acmhainn iad na hoileáin don tír ar fad ar roinnt leibhéal, ní hamháin saibhreas teanga ach ó thaobh acmhainní nádúrtha de agus earnáil na turasóireachta. Tugann na hoileáin go leor ar ais don tír seo agus tá na hiar-bhunscoileanna ar na hoileáin tuillte agus saothraithe ag pobal na n-oileán.

Tá Gaeilgeoirí bundúchasacha, an cineál duine óg sin atá ag éirí an-neamhchoitianta sa tír seo, dá n-oiliúint sna scoileanna seo. Tá daoine óga le hardchaighdeán oideachais ag teacht ó na scoileanna seo agus is muidne todhchaí na tíre. Impím oraibh breathnú ar an leithroinnt múinteoirí, is é sin go bhfuil na scoileanna ar na hoileáin ag lorg ardú ar an leithroinnt, ó 1.0 reatha go dtí 2.5 coibhéis lánaimseartha, ex quota. Is é nádúr scoileanna oileáin ná go mbeidh líon beag daltaí iontu i gcónaí, rud a chiallaíonn go bhfuil foirne teagaisc beaga iontu. Ní féidir curaclam oiriúnach, caighdeánach a chur ar fáil leis an dáileadh beag múinteoirí a chuireann an leithdháileadh, mar atá sé, ar fáil. Tá scoileanna ar na hoileáin ag streachailt ó bhliain go bliain le go leor dúshlán maidir lena leithdháileadh múinteoirí. Gné shuntasach, thábhachtach agus bunriachtanach atá de dhíth ná méadú a dhéanamh ar an leithdháileadh múinteoirí le forbairt timpeallachtaí cuimsitheacha scoile a chruthú do dhaltaí Oileáin Árann.

Freisin, impím oraibh go mbeidh na liúntais teagaisc ann do mhúinteoirí le go mbeidh an jab tarraingteach do mhúinteoirí óga agus chomh maith leis sin, go méadófaí buiséad na scoileanna, sa chaoi is go mbeidh mo leithéide in ann an deis chéanna a bheith agam agus go mbeidh tacaíochtaí breise cinntithe dúinn cosúil leis na scoláireachtaí do dhaltaí ón taobh amuigh, a chuirfeadh go mór lenár ndeiseanna.

Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh oideachas caighdeánach iar-bhunscoile, atá dlite do scoláirí, á thairiscint do na scoláirí ar na hoileáin.

Mar fhocal scoir, gabhaim buíochas libh as an deis a thabhairt dom labhairt anseo inniu. Go raibh maith agaibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.