Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:00 pm

Dr. Kerron Ó Luain:

Cinnte. Tá níos mó samplaí ann ná sampla dublinbikes a luaigh an Teachta. Léiríomar le déanaí nach bhfuil Gaeilge ar fáil sa tseirbhís sin. Déarfainn go mbaineann sé seo leis fadhb níos leithne, an próiseas tender atá ann le tamall anuas mar thoradh ar an gcineál príobháidiú a rinneadh ar go leor comhlachtaí. Tá baint ag an gceist seo le hainmneacha na comhlachtaí Stáit. Ba chomhlacht poiblí le hainm Gaelach é Telecom Éireann, ach fuair an príobháidiú réidh leis. Eir is ainm dó anois agus é faoi úinéireacht ag billiúnaí Francach. Níl Eir ag soláthar córas leathanbhanda don tuath go ginearálta, an Ghaeltacht san áireamh. Is dóigh linn go n-eascraíonn na fadhbanna seo ar fad, ina measc na hainmneacha agus úsáid na Gaeilge i gcomhlachtaí atá faoi scáth comhlachtaí Stáit, as an bpríobháidiú a rinneadh ar na comhlachtaí sin i dtosach báire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.