Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
5:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Is trua é nach bhfuil níos mó daoine anseo ó na páirtithe eile anseo. Is é sin an méid atá á rá agam. Tá Seachtain na Gaeilge ar siúl agus táimid ag díriú ar Bhille an-mhór. Ba cheart go mbeadh na páirtithe eile dírithe isteach ar an obair atá ar bun ag an gcoiste iontach tábhachtach seo.
Ba mhaith liom mo mhíle buíochas a ghabháil leis an Uasal Ó Luain as ucht teacht isteach. Guím gach rath ar Misneach. Is iontach an rud é go bhfuil an eagraíocht ann agus go bhfuil sé gníomhach, láidir agus bríomhar. Níl aon rud mícheart le bheith uaillmhianach agus molaim an Uasal Ó Luain as an uaillmhian atá léirithe aige. Is í an fhadhb atá againn sa tír seo, agus an rud is deacra, ná nach bhfuil dóthain tuiscine nó dóthain suime san ábhar seo. Is í sin an fhadhb is mó a fheicim san áit seo, go háirithe leis an Rialtas. Aontaím leis an gcuid is mó den mhéid atá ráite ag an Uasal Ó Luain. Tá cuid mhór de na moltaí atá leagtha amach aige clúdaithe sa reachtaíocht ar aon nós. Ceapaim go bhfuil an Bille 80% láidir, ach tá laigí ann agus ba cheart cur leis ar an gcúis sin.
Aontaím go huile is go hiomlán leis an mhéid a bhí le rá ag an Uasal Ó Luain maidir leis an nGaeltacht. Mura bhfuil an Ghaeilge sa Ghaeltacht mar theanga pobail laethúil, beidh an Ghaeilge marbh i slí uafásach. Ní hionann teanga phobail agus líonra teanga ar chor ar bith. Ní bhíonn an saibhreas ann agus ní bhíonn an fhorbairt nádúrtha ann ach oiread. Caithfimid go huile is go hiomlán díriú isteach ar dhaonlathas in Údarás na Gaeltachta, mar a dúirt an tUasal Ó Luain. Caithfimid díriú isteach ar gheilleagar na Gaeltachta. Mura bhfuil geilleagar na Gaeltachta ag obair i gceart, titfidh sé i bponc. Dar leis an Rialtas féin, tá líon na gcainteoirí laethúla sa tír seo tar éis dul i laghad de bharr nach bhfuil geilleagar na Gaeltachta sách láidir le deich mbliana anuas. Molaim go hard an obair atá déanta ag Misneach - maith sibh.
No comments