Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tuigim cárbh as a bhfuil na finnéithe ag teacht. Tá mé tar éis breathnú ar an liosta mór rudaí atá ar an gcéad dá leathanach eile. Baineann an dúshlán atá romhainn leis an mhéid gur féidir linn a bhaint amach. Tá mé ag plé le ceist na Gaeilge ón uair ar fhág mé an scoil. Níor mhaith liom a rá cé chomh fada ó shin is atá sé sin. D'oibrigh mé i gcomharchumann Gaeltachta. Molaim an dearcadh atá ag lucht Misneach - is beag locht atá ar an méid atá ráite ag an Uasal Ó Luain - ach caithfidh mé a rá nach féidir cuid de na rudaí atá leagtha amach acu a bhaint amach i láthair na huaire. Tá sé de dhualgas ar bhaill an choiste seo tomhas a dhéanamh ar céard is féidir linn a bhaint amach ag an bpointe seo go praiticiúil tríd an gcóras. Luaigh an tUasal Ó Luain an Roinn Airgeadais, agus is cinnte go mbíonn fadhbanna ansin go minic. Tá fadhb sa Státchóras.

Má tá Baill an Oireachtais, atá tofa ag an bpobal, macánta sa Teach seo, admhóidh siad go bhfuil ceithre ghrúpa anseo: iad siúd nach bhfuil meas dá laghad acu ar an nGaeilge, iad siúd atá cineál báúil, iad siúd atá báúil fad is nach bhfuil Gaeilgeoirí ag lorg a gcuid cearta leis an teanga a úsáid mar theanga oibre, agus iad siúd a bhfuil an Ghaeilge mar chuid de shaol pearsanta laethúil a gclann a úsáideann an Ghaeilge chuile lá, mar shampla ina saol oibre. Tuigeann na daoine sa tríú ghrúpa an Ghaeilge mar chúpla focal i bPáirc an Chrócaigh, ach ní thuigeann siad go ndéanann daoine a gcuid gnó trí Ghaeilge.

Mar shampla, bíonn an-iontas orthu go ndéanaim an oiread sin d'obair mo Dháilcheantar trí mheán na Gaeilge. Tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag an bhfoireann atá agam i m'oifig Dháilcheantar ós rud é go mbíonn mo thoghthóirí ag déileáil linn i nGaeilge faoi chártaí leighis, fadhbanna deontais beithígh agus mar sin de. Tá cleachtadh ag daoine sna cheithre ghrúpa ar chúrsaí den chineál sin, ach is mionlach beag é an dream sin sa Dáil. Dá bhrí sin, tá go leor leibhéil sa chóras atá míthuisceanach ar céard atá ag teastáil.

Dar liom, taispeánann na comharthaí bóithre an síceolaíocht a bhaineann leis seo. Níor mhaith le formhór de mhuintir na hÉireann go mbainfí an Ghaeilge de na comharthaí bóithre. Is léir go bhfuil sé míréalaíoch bheith ag ceapadh go bhfuil amharc níos fearr ag Gaeilgeoirí ná mar atá ag Béarlóirí mar go bhfuil siad in ann litreacha níos lú a léamh ar chomharthaí bóithre. Caithfidh go bhfuil orthu dul go Specsavers. Dar le formhór na ndaoine, níl sa Ghaeilge ar na comharthaí ach ornáidíocht, seachas rud ar a mbreathnaíonn daoine nuair atá siad ag iarraidh bheith cinnte cá bhfuil siad ag dul. Is dóigh liom go dtaispeánann sé sin cé chomh casta is atá an cheist seo. Nuair a bheimid réidh leis seo, is ar éigean go mbeidh gach rud atá molta ag an Uasal Ó Luain curtha i bhfeidhm, ach tá súil agam go mbeidh cuid mhaith de curtha i bhfeidhm. Tá sé sin ráite agam ar bhealach fhada. Má tá ar an gcoiste glacadh le níos lú, tá gach seans ann go dtarlóidh sé sin de bharr go mbeidh rogha ann idir glacadh leis an mhéid atá ar fáil agus gan rud ar bith a fháil. Má fhaigheann muid rud, is féidir tógáil ar sin . Ba mhaith liom go dtuigfeadh an tUasal Ó Luain é sin ionas nach mbeadh díomá air mura mbainfimid amach chuile rud ar an liosta uaillmhianach seo in aon gheab amháin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.